Ráth Eanaigh
| Ráth Eanaigh | |
|---|---|
| Léarscáil | |
|
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
53.3803° N 6.17498° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann O204388 |
|
| Daonra (2006) | 18,000 |
| Airde: | 0m[1] |
| Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
| Cúige: | Laighin |
Bruachbhaile fairsing de chuid chathair Bhaile Átha Cliath é Ráth Eanaigh nó Ráth Éanna, atá ag síneadh leis an gcósta thoir agus é bunaithe ar sheanbhaile. Tá achar ceithre nó cúig mhíle (6.5-8 cm) idir é agus lár na cathrach ar phríomhbhóthar a théann cúpla míle eile ó thuaidh nó go mbaineann sé amach a cheann scríbe, Cnoc Bhinn Éadair.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Tá Ráth Eanaigh ainmnithe as ráth mór atá le fáil i lár an tsráidbhaile. Is iomaí míniú a thugtar ar fhréamh an fhocail Eanach: deirtear uaireanta gurb é ainm taoisigh (Éanna) a bhí ina chónaí ann fadó, agus deirtear freisin gur eascair an t-ainm ó eanach (talamh bog nó riasc).
Áiseanna [athraigh]
Tá Ráth Eanaigh suite ar iarnród DART.
Tá Páirc Naomh Áine, páirc mhór phoiblí, idir Ráth Eanaigh agus Cluain Tarbh. Is ann a imríonn na clubanna áitiúla spóirt: foireann CLG Ráth Eanaigh agus foireann sacair Ráth Eanaigh Aontaithe.
Tagairtí [athraigh]
Naisc sheachtracha [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
