Coill na Silíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bruachbhaile réasúnta nua is ea é Coill na Silíní (Béarla:Cherrywood), soir ó dheas ó Bhaile Átha Cliath agus suite, go hoifigiúil, sa chontae Dún Laoghaire-Ráth an Dúin gar do Chontae Chill Mhantáin. Baile fearainn atá ann, a cruthaíodh timpeall an bPáirc Ghnó atá ann, ar thalamh idir na sean-bhailte Baile Uí Lachnáin agus Ráth Michíl.

Osclaíodh líne den Luas ann sa bhliain 2011, agus is é Stáisiún Sheanchill an líne den DART is giorra.