Cuas an Ghainimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCuas an Ghainimh
Sandycove (en)
Cuas an Ghainimh (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°17′10″N 6°06′58″W / 53.286°N 6.116°W / 53.286; -6.116
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilDún Laoghaire-Ráth an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1165967
Suíomh gréasáinsandycoveglasthule.com Cuir in eagar ar Wikidata
Cuas an Ghainimh

Sráidbhaile beag in aice le Baile Átha Cliath is ea Cuas an Ghainimh[1] (Sandycove as Béarla), agus é suite idir Deilginis agus Dún Laoghaire.

Ceiliúrann muintir na háite Féile Bloom go feiceálach, i gcuimhne ar an seal a chaith an scríbhneoir Séamas Seoige i gCuas an Ghainimh go gairid sular imigh sé ó Éirinn le Nora Barnacle.

Tá túr Martello san áit agus é ainmnithe as an Seoigeach. Bhí cara leis, Oliver St John Gogarty, ag cur faoi sa túr san am sin, agus ba chuigesean a tháinig an scríbhneoir ar cuairt. D'éirigh ina chogadh dearg eatarthu, áfach, nuair a bhí an Seoigeach ar cuairt anseo, agus tháinig deireadh leis an gcairdeas.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feicfear bréagshanasaíocht an logainm thart faoin gceantar fós, cheap roinnt gur ón nGaeilge Sáin le Gó a tháinig Sandycove.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]