Cluain Dolcáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCluain Dolcáin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′07″N 6°24′33″W / 53.318661°N 6.409189°W / 53.318661; -6.409189
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1411594

Sráidbhaile agus bruachbhaile Éireannach í Cluain Dolcáin[1] (Béarla: Clondalkin), atá suite deich míle siar ó Chathair Átha Cliath, i réigiún Chontae Átha Cliath Theas. Tá 43,929 duine ina gcónaí ann, de réir na bhfigiúirí ón bhliain 2006. Tugtar "an Sráidbhaile" nó Sráidbhaile Chluain Dolcáin ar lár an bhaile. Tá cloigtheach mór suite ann, ceann de na cloigthithe is sine agus is cáiliúla sa tír.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cluain Dolcáin suite ar bhruach na Camóige, ar an dtalamh ard thar inbhear na Life ag féachaint amach ar an spás idir na sléibhte agus an abhainn. Suíomh maith agus éasca a chosaint a bhí ann, agus mar thoradh thosaigh lonnaitheoirí ag cur fúthu san áit timpeall 7,600 bliain ó shin. Treibh Ghaelach amháin a bhí lonnaithe ann ná Cualann. Tháinig an Chríostaíocht go dtí oirthear an Laighin sa 5ú haois, agus bhí Cluain Dolcáin ar na chéad comhphobail Chríostaíochta ón ré seo.

Creidtear gurbh é Naomh Crónán, nó Mochua mar atá aithne air freisin, a bhunaigh an baile timpeall na bliana 600. Chuir sé mainistir ar bun a bhí suite san áit ina bhfuil Eaglais Naomh Eoin lonnaithe inniu, le móta mór cosanta timpeall air.

Meastar gur d'éag Naomh Crónán Mochua sa bhliain 630, agus ceiliúrtar a lá féile ar an 6 Lúnasa. Ceaptar gur tógadh an cloigtheach san 8ú haois, mar pháirt den mainistir.

Ag an am seo, bhí Naomh Fugillus ina easpag ar an mbaile. B'é i rith an ré seo a rinneadh lámhscríbhinní áille de na Soiscéil sa mhainistir. Tá ceann díobh le feiceáil inniu i gKarlsruhe Liburg na Gearmáine.

Scrios na Lochlannaigh Cluain Dolcáin sa bhliain 832 agus dódh an mhainistir go talamh (rud a rinneadh arís sna blianta 1071 agus 1076).

An Cloigtheach

Le linn an tréimhse seo, chuir siad fúthu sa réigiún, agus thóg siad an fort Dun Amhlaeibh. D'fhan an baile faoi smacht ag na Danair go dtí gur buadh orthu sa chath cáiliúil i gCath Chluain Tarbh na bliana 1014. Is anseo a bhris Ard-Rí na hÉireann Brian Bóirmhe cumhacht na Lochlannach in Éirinn. Tá fianaise le fáil a mhaíonn gur lean bunú na mainistreach agus, mar thoradh, an baile ar aghaidh tar éis báis Naomh Crónáin, mar luaitear abaí agus easpaig sna thaifid suas go dtí an bhliain 1080.

Throid Ard-Rí deireanach na hÉireann Ruairi Ó Conchúir le Strongbow (an Iarla Risteárd de Clare) i gCluain Dolcáin sa bhliain 1171. Tháinig an sráidbhaile faoi smacht Ard-easpaig Átha Cliath, agus ag an 13ú haois rinneadh cur síos ar Chluain Dolcáin mar "bhaile leis a lán áitritheoirí, rialaithe ag báille". Tá eolas ann go raibh Robert Beg sa phost seo sa bhliain 1276, agus go raibh páirt lárnach ag an dtráchtáil i saol an bhaile. Bunaíodh Cluain Dolcáin mar "bhuirg" sa bhliain 1300, agus nuair a bhí an bhliain 1393 ann bhí cúig sráid bunaithe sa bhaile, mar atá - Mahow Street, Mill Street, New Street, Steeple Street agus Pope Lane. Sa bhliain 1547, dúradh go raibh Cluain Dolcáin "i measc na bailte caisealta agus maithe an Chontae". Bhí go leor troda sa cheantar le linn Éirí Amach 1641 in aghaidh rialtas na Breataine. Ghabh na Gaeil seilbh ar an mbaile, ach cuir na Sasanaigh trí thine é agus maraíodh fir, mná agus páistí. Osclaíodh Eaglais Naomh Eoin sa bhliain 1789, sa suíomh ina raibh teampall eile ann ó na Meánaoiseanna. Tógadh muileann púdair ghunna i gCluain Dolcáin san 18ú haois. Pléasc é faoi dhó, agus rinneadh an-dochar do dhaoine agus an baile máguaird.

An cloigtheach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An cloigtheach

Is é an cloigtheach an foirgneamh is cáiliúil i gCluain Dolcáin. Níor mhair aon eolas a léiríonn na cúiseanna agus an dáta a tógadh é, agus leanann an díospóireacht ar aghaidh faoin cheist seo. An chéad staraí a rinne staidéar ar an gceist ná an Dochtúir Thomas Molyneaux sa bhliain 1725. Bhí Molyneaux den tuairim gurb iad na Lochlannaigh a thóg é. Níor aontaigh George Petrie leis an ráiteas seo, ámh, agus é ag scríobh ina aiste do Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1833. Chuir seisean i láthair an tuairim atá níos coitianta inniu, ná go raibh an cloigtheach tógtha ag na luath-Chríostaithe. Aontaítear inniu gur bhaineadh úsáid as mar chloigthúr, agus áit ina cruinníodh iarsmaí an bhunaitheoir chun iad a chosaint. Tá eolas le fáil ó na hAnnálaí Ulaidh gur tógadh iarsmaí Naomh Caoimhín agus Naomh Mochua ar chamchuairt tríd na tíre sa bhliain 790. Ceaptar gur tógadh an cloigtheach timpeall an ré seo.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá borradh ar an nGaeilge mar gheall ar ghníomhaíochtaí eagraíochta darbh ainm Muintir Chrónáin agus tá dhá Ghaelscoil sa gceantar don ghasúir bunscoile agus Coláiste Chillian ann mar mheánscoil ó 1981. Is mar gheall ar éileamh ó na daoine áitiúla a bunaíodh na scoileanna seo agus tá ard-cháil orthu mar ionaid oideachais. Is iomaí scoil eile atá lonnaithe sa gceantar fairsing seo freisin.

Bóthar Lucan Newlands

Logainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt tuairimí éagsúla ann maidir leis an mbrí a bhaineann le "Cluain Dolcáin". Glactar leis go gciallaíonn sé páirc, gort nó faiche a bhain le Dolcán.

Ailtireacht ó na 1950idí

Cumann Lúthchleas Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Cumann an Chloigthí Cluain Dolcáin, club de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael intí sa mbliain 1884. Bunaíodh é mí i ndiaidh chéad-bhunú an Chumainn fhéin i nDurlas, agus is é an dara club is sine in Éirinn. Bhí sé bunaithe ag Mícheál Ó Cíosóig, nuair a tháinig sé ar cuairt go dtí an mbaile sa bhliain 1884. Tá neart coirn agus teideal bronnta ar an gclub seo síos tríd na blianta agus tá sí fós an láidir sa gceantar.

Teanga agus cultúr Gaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear ar Chluain Dolcáin inniu mar áit lárnach don teanga Gaeilge agus cultúr Gaelach. Bunaíodh Muintir Chrónáin sa bhliain 1972 chun forbairt a dhéanamh leis an dteanga trí gníomhaí oideachais, sóisialta agus cultúrtha. I mí Bealtaine na bliana 1989, cheannaigh siad Orchard House i lár an bhaile. Athainmníodh é leis an ainm Áras Chrónáin, mar lárionad cultúrtha agus oidhreacht. Bhuaigh Muintir Chrónáin an Glór na nGael National Trophy sa bhliain 1975 agus arís sa bhliain 1988, mar aitheantas ar a iarrachtaí chun an teanga a fhorbairt. Níos déanaí sa bhliain 1991, roghnaíodh iad chun a bheith ina óstach ar an An tOireachtas, an Féile Cultúrtha Bliantúil. Eagraítear ranganna ceoil agus damhsa agus ranganna Gaeilge fós inniu in Áras Chrónáin.

Líonra Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Líonraí Gaeilge

Ainmnaíodh Cluain Dolcáin mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag ndeireadh 2015 go mbeidh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Baile Locha Riach; Inis; Carn Tóchair agus Béal Feirste na líonraí eile timpeall an oileán.

Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]