Graham Norton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Graham Norton sa bhliain 2004.

Is fuirseoir, aisteoir agus láithreoir teilifíse Éireannach é Graham Norton (Gaeilge: Graham Ó Neachtain), nó Graham William Walker mar a rugadh é ar an 4 Aibreán 1963 i nDroichead na Bandan, Contae Chorcaí. Bhain sé clú mhór amach leis a charachtar Father Noel Furlong sa tsraith Father Ted.

Duine aerach oscailte atá ann, agus tá sé ar dhuine de na daoine homaighnéasacha is cáiliúla in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe.