Acadamh Ríoga na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is acadamh do lucht léinn na hÉireann é Acadamh Ríoga na hÉireann (Béarla: Royal Irish Academy). Is ag an Acadamh seo atá ceann de na bailiúcháin is mó de láimhscríbhinní Gaeilge ar domhan. Tá litríocht agus timpeallacht na hÉireann mar chúraim faoi leith ag an Acadamh.

D'fhoilsigh an tAcadamh an Dictionary of the Irish Language, faoi eagarthóireacht E.G. Quin, sa bhliain 1984. Cé go bhfuil a leithéid d'ainm ar an bhfoclóir, is iad an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge príomhábhair an fhoclóra.

Tá an tAcadamh ag obair ar ollfhoclóir Nua-Ghaeilge, Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) faoi eagarthóireacht Úna Uí Bheirn, i láthair na huaire.

Foilsíonn an tAcadamh an iris "Irish Studies in International Affairs" gach bliain chomh maith. Baineann an foilseachán seo le caidreamh idirnáisiúnta, go háirithe le gnóthaí eachtracha na h-Éireann.

Foilsíonn an t-Acadamh Ériu, iris acadúil faoi theanga na Gaeilge.

Naisc[athraigh | edit source]