George Petrie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí George Petrie (1 Eanáir 1790 - 1866) ina phéintéir, ina cheoltóir, ina ársaitheor agus ina sheandálaí. Bhí sé ar dhuine de scoláirí móra na hÉireann.

Beatha[athraigh | edit source]

Rugadh Petrie i mBaile Átha Cliath agus tógadh é ag 21 Sráid Mhór Shéarlais.[1] Ba dhual athar dó an ealaín, ó ba é mac James Petrie, portráidí agus péintéir miondealbh as Obar Deathain, é. Fuair George oiliúint ealaíontóra i scoileanna Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, mar ar ghnóthaigh sé bonn airgid sa bhliain 1805 in aois a ceithre bliana déag.

Tar éis dó cuairt a thabhairt ar Shasana le cúpla cara, cuairt nár lean an rath í, d'fhill sé ar Éirinn agus thug faoin ealaín arís, go háirithe sceitseanna le haghaidh grábhálacha i leabhair thaistil. Bhí a shaothair le fáil in Beauties of Ireland (James Norris Brewer), Excursions through Ireland (Thomas Cromwell) agus treoirleabhair a scríobh George Newenham Wright i dtaobh Chill Áirne, Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath .

Tháinig suim ag Petrie in iarsmaí an tseansaoil, agus bhí sé ina bhall de choiste seandachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. Eisean a bhí freagrach as a lán lámhscríbhinní tábhachtacha a cheannach, ar nós cóip Annála Ríochta Éireann ó lámh na n-údar, agus as samplaí den tsean-mhiotalóireacht a fháil, ar nós Chros Chonga. Bhí tábhacht lenar scríobh sé faoi sheandálaíocht agus faoi ailtireacht na hÉireann, go háirithe Round Towers of Ireland, alt a bhí le fáil ar The Ecclesiastical Architecture of Ireland, leabhar dá chuid a tháinig amach sa bhliain 1845. Léirtear fós an cuntas a thug sé ar thuamaí na Ceathrún Móire. Chomh maith leis sin, thug sé seal ina eagarthóir ar an Dublin Penny Journal agus ar an Irish Penny Journal, dhá iris ársaíochta don slua.

Idir na blianta 1833 agus 1843 bhí baint aige le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann mar cheann foirne na Roinne Dinnseanchais. Bhí idir Sheán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí, beirt scoláirí den scoth, ina mbaill den fhoireann.

Rinne Petrie agus Ó Comhraí mórán amhrán Gaeilge a bhailiú[2]. Ó Comhraí a bhreacadh síos na focail agus Petrie a dhéanadh an ceol a chóipeáil, ag iarraidh ar an amhránaí gach mír den amhrán a athrá nó go raibh an t-iomlán scríofa.

Níor éirigh sé as an ealaín, agus uiscedhathanna ba rogha leis mar mheán. Tá meas air mar phéintéir Rómánsach den scoth, agus tá cuid de na pictiúir is fearr aige le fáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Cowell 1996, lch 149.
  2. Na Bailitheoirí Ceoil - TG4 2009

Liosta leabhar[athraigh | edit source]

  • The Petrie Collection of the Ancient Music of Ireland, M.H.Gill (Dublin 1855), athchló (Farnborough 1967), (Heppenheim 1969)[1]
  • Cooper, David (eag.), The Petrie Collection of the Ancient Music of Ireland, Cork: Cork University Press, 2002.
  • Cowall, John. Dublin's Famous People and Where They Lived. O'Brien Press Ltd 1996.
  • Petrie, George agus Stanford, Charles Villiers (eag.). The complete collection of Irish Music: Boosey & Co., London 1902-5.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]