Cúige Laighean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cúige Laighean
Flag of Leinster.svg
Leinster locator map.svg
Achar: 19,774.23 km²
Daonra: 2,504,814 (2011)

Is é Cúige LaigheanLaighin an dara cúige is lú in Éirinn, agus an cúige leis an líon is mó contaetha ann, dhá chontae déag. Is é an cúige leis an daonra is mó in Éirinn, áfach, mar gheall ar go bhfuil Baile Átha Cliath, príomhchathair na tíre, ann.

Agus na Normannaigh tagtha i dtír in Éirinn, thosaigh na sean-chúigí ar a thugtaí Midhe agus Laighin ag aontú de réir a chéile, agus tionchar na Páile á imirt orthu.

Contaetha[athraigh | edit source]

Roinneadh Contae Bhaile Átha Cliath i gceithre chuid le gairid, mar a leanas:

Stair[athraigh | edit source]

Roimh theacht na Normannach, sheas Ríocht Laighean sa chuid seo den tír, agus í i bhfad níos lú ná cúige an lae inniu. Eascraíonn an chéad chuid d'ainm na ríochta ó Laighin (Laigin sa seanlitriú), treibh mhór a bhí lonnaithe sa réigiún. Is éard is brí leis an chuid eile, creidtear, ná an focal Gaeilge "tír", nó an focal sean-Normannach "staðr", focail a bhfuil an brí chéanna acu.

Aontaíodh treibheanna Laighean le chéile faoi smacht Úgaine Mór, ardrí a thóg an dún siúd Dún Ailinne, gar do Chill Chuilinn, meastar. Tá seans maith gurb eisean an chéad rí stairiúil ar Laighean, thiar sa 7ú chéad R.C.


Tagairtí[athraigh | edit source]