Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uí Néill)
Féach freisin Uí Néill

Ó Néill an teideal a thugtaí ar thaoiseach oidhreachtúil Thír Eoghain ón 13ú anuas go deireadh an 16ú haois. Fear de shloinne Uí Néill a bhíodh sa taoiseach, agus treabhchas de chuid Chineál Eoghain a bhí sna Niallaigh. Mhaígh an t-aos dána gur de shliocht ríthe agus ardríthe iad na Niallaigh chomh fada siar le teacht na nGael go hÉirinn. Roghnaítí an taoiseach as an dearbhfhine - gach fear de shliocht sheanathair an tseantaoisigh.

Ó Néill á ghairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Os comhair an phobail ag Leac na Rí i dTulaigh Óg a ghairtí Ó Niall, agus is iad na daoine a dhéanadh é Ó hÁgáin, taoiseach an treabhchais ba shinsearaí de lucht tí Uí Néill, agus Ó Catháin, an t-uirrí ba thábhachtaí aige. Is éard a bhí sa ghairm pósadh siombalach idir an Niallach agus flaitheas na Teamhrach.

Tiarnas Uí Néill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Eoghain a thugtaí ar thiarnas Uí Néill, agus is éard a bhí ann leath Thír Eoghain trí lár Chúige Uladh ó chósta Chiannacht Uí Chatháin aduaidh beagnach go teorainn na Mí. Ní raibh i dTír Eoghain ó cheart ach an chuid lárnach den tiarnas. B’ionann í agus Contaetha Thír Eoghain agus Ard Mhacha an lae inniu. I nDún Geanainn a bhí príomháras Uí Néill, agus sa cheantar a bhí mórthimpeall air, talamh méith a bhí ag síneadh le Loch nEathach agus leis an Abhainn Mhór, a bhí croílár a chumhachta.

Íomhá:Escutcheon of Hugh O'Neill, 2nd Earl of Tyrone by Alexander Liptak.png
Armas Aodha Uí Néill, agus a armas féin roinnte ina cheathrúna le harmas Bhúrcaigh Uladh mar éileamh ar a dtailte.

Ttimpeall lár an tiarnais a bhí príomhthailte Uí Néill féin, agus tailte an lucht tí, dream a raibh cearta oidhreachtúla acu ar an tiarnas. Orthu sin bhí muintir Ágáin, muintir Dhoibhlin, muintir Choinne agus muintir Dhonnaíle. Acusan a bhí cuid mhór den talamh idir Baile Uí Dhonnaíle agus bruach Loch nEathach. Bhí siad saor ó bhuannacht (ní raibh orthu cothabháil a chur ar fáil d’arm Uí Néill) ach bhí sé de dhualgas orthu cothabháil a dhéanamh ar Ó Néill agus a mhuintir. As an lucht tí is mó a tháinig maoir agus feidhmeannaigh Uí Néill agus bhí gradam acu dá bharr.

Chomh maith leo sin bhí gnáth-thaoisigh Thír Eoghain: Ó Mealláin sa Mheallánacht, Mac Con Allaigh agus Ó Gormghaile i gCineál Maoin, Mac Cathmhaoil sa Chlosach, Mac Dónaill in Achadh na Cloiche, Mac Murchú i Muintir Bhirn, Mac Canna i Muintir Bhreasail srl.; agus ar theorainneacha Thír Eoghain bhí na hUirríthe, taoisigh a ghéill (go traidisiúnta) d’údarás Uí Néill ach a bhí neamhspleách air ar go leor bealaí: Ó Catháin i gCiannachta, Mac Mathúna in Oirghialla, Ó hAnluain san Oirthear. In amanna d’fhéadfaí Mag Uidhir i bhFear Manach agus Mac Aonghasa in Uíbh Eachach a áireamh orthu seo.

Taoisigh Cháiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na Niallaigh ba mhó cáil bhí an taoiseach deireanach a gaireadh Ó Néill de i dTulaigh Óig, Aodh mac an Fhir Dhorcha nó Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain: Seán Donnaighleach Ó Néill (t.1530-1567); Conn Bacach Ó Néill, Iarla Thír Eoghain.


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]