Contae Chill Dara
| Contae Chill Dara | |
| Achar: | 1,693 km² |
| Príomhbhaile: | Nás na Rí |
| Daonra: | 186,075 (2006) |
| Cúige: | Laighin |
Is contae í Cill Dara nó Contae Chill Dara atá suite in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean, ar an taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliatha. D'fhás daonra iarthair an chontae sna blianta beaga anuas; Mhéadaigh an méid tí sna Solláin (bruachbhaile Nás na Rí) faoi sé ó lár na 90í. Tá teorainneacha ag an gcontae le Ceatharlach, Laois, An Mhí, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Contae Átha Cliath.
Is é Comhairle Chontae Chill Dara an t-údarás áitiúil.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Bhunaigh Naomh Eimhín a mhainistir sa 6ú haois i Mainistir Eimhín. Is é baile Chill Dara an baile is sine agus is stairiúla sa chontae. Rinneadh sír den chontae sa bhliain 1297 agus tá teorainneacha nua-aimseartha Chontae Chill Dara ann ón bhliain 1832 i leith.
Ba chuid den Pháil é an contae tráth, agus na nGearaltaigh suite ann le tamall fada.
Gnó [athraigh]
Tá monarcha ollmhór ag an gcomhlacht Intel i Léim an Bhradáin. Bíonn cáil ar an Droichead Nua as ucht na siopaí atá ann.
Bailte i gContae Chill Dara [athraigh]
Is é Nás na Rí príomhbhaile an chontae agus is ann atá Comhairle Chontae Chill Dara.
- Almu, Ard Cloch, Áth Garbháin
- Baile an Chalbhaigh, Baile Átha Í, Béal Átha an Tuair, An Baile Gallda, An Baile Mór, Baile Uí Bhuadáin, Baile an Bhrúnaigh, Baile Éide, Baile Fearainn, Baile Eoin, Baile Uí Mhadaín, Baile an Mhuilinn, Baile Roibeard, Baile an Stáibléaraigh
- Cairbre, Cearthach, An Chorrchoill, Claonadh, Cill, Cill Choca, Cill Chuillinn, Cill Daingin, Cill Dara, Cill Droichid, Colchoill, Crochta na Gréine, Coill Dubh, Cill Bhearaigh, Cill Cathaigh, Cill Míde, Cill Seanchua, Cill tSíle, Crochta na Gréine
- Diseart Diarmad, Droichead Baile Sheáin, Droichead Nua, Doire an tSoirn
- Fiodh Alúine
- Léim an Bhradáin, Loilgheach Mór, Liamhain
- Maigh Nuad, Mainistir Eimhín, Maen Colmcille
- Nás na Rí
- Ráth Iomgháin, Ráth Chofaigh
- Na Solláin, Sean Chill Chuilinn
- Teach Srafáin, Tigh Mo Linne
- An Urnaí
Barúntachtaí [athraigh]
- Cairbre, Claonadh, Connail, Cill Chuillinn, Cill Chá agus Maoin
- An Fhorrach agus an Réabán Thoir, An Fhorrach agus an Réabán Thiar,
- An Léim Thuaidh, An Léim Theas
- An Nás Thuaidh, An Nás Theas
- Uí Chéithigh agus Uachtar Fhine
- Uíbh Fhailí Thoir, Uíbh Fhailí Thiar
Spórt [athraigh]
Tugtar an leasainm na Lilywhites ar fhoireann CLG Chill Dara. Is tagairt í seo don dath bán a chaitheann na foirne agus atá ar bhrat an chontae.
Tá clú agus cáil ar an gcontae mar gheall ar na capaill d'ardchaighdeán a thagann óna graífheirmeacha. Bíonn féilte rásanna ar súil sa chontae gach bliain. Tá Graí Naisiúnta na hÉireann lonnaithe sa chontae freisin.
Tá 3 ráschúrsa i gContae Chill Dara
- an Currach
- Baile Fuinse
- Ráschúrsa Nás na Rí
Oideachas [athraigh]
Is i Maigh Nuad atá ionad oideachais an chontae. Tá Ollscoil na hEireann Má Nuad agus Coláiste Naomh Phádraig, Maigh Nuad inti. Tá scoileanna triú leibhéal sa chontae:
- Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad / Coláiste Mhaigh Nuad / Coláiste Má Nuad
- Coláiste Naomh Phádraig, Maigh Nuad
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Contaetha na hÉireann | |
| Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
| Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
| An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
| Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
| An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann | |