Contae Chill Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Chill Chainnigh
Island of Ireland location map Kilkenny.svg
Achar: 2,061 km²
Príomhbhaile: Cill Chainnigh
Daonra: 95,419 (2011)
Cúige: Laighin

Cill ChainnighContae Chill Chainnigh in oirdheisceart na hÉireann, i gCúige Laighean.

Stair[athraigh | edit source]

Tagann ainm an chontae ó Cill Chainnigh, cathair atá suite i lár an chontae ar dhá bhruach na Feoire. Creidtear go bhfuil an chathair ainmnithe as Ardeaglais Naomh Cainneach, a tógadh in ómós do Naomh Cainneach (515/516 - 600).

Ba chuid de Ríocht Osraí é an contae, ríocht a bhí ann idir an 2ú haois agus an 13ú haois. Tugtar Osraí ar an deoise sa cheantar fós (Deoise Osraí). Ar theacht na Críostaíochta tógadh go leor mainistreacha sa chontae.

Is iad na trí thréith a bhaineann le Contae Chill Chainnigh talamh gan phortach, tine gan deatach, talamh gan chósta. Déantar tagairt anseo don easpa móna agus cladaí atá ar an gcontae agus do ghual crua Chaisleán an Chomair.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

In oirdheisceart Chúige Laighean atá Contae Chill Chainnigh suite, agus é ag críochantacht le Contae Laoise, le Contae Cheatharlach, le Contae Loch Garman, le Contae Phort Láirge agus le Contae Thiobraid Árann.

Is éard atá sa chontae Cathair Chill Chainnigh, baile contae, agus roinnt bailte móra eile: Béal Átha Ragad, Callainn, Caisleán an Chomair agus Gráig na Manach thuaidh, agus Móin Choinn agus Baile Mhic Andáin theas.

Tá dhá abhainn mhóra sa chontae, an Fheoir agus an tSiúir. Tá an Fheoir ag gabháil trí Bhéal Átha Ragad, trí chathair Chill Chainnigh agus trí na sráidbhailte Droichead Binéid, Baile Mhic Andáin agus Inis Tíog. Tá an tSiúir ina teorainn idir Contae Phort Láirge agus Contae Chill Chainnigh.

Is é Cnoc Bhréanail an pointe is airde sa chontae agus é 515m nó 1,690 troigh ar airde.

Bailte Chontae Chill Chainnigh[athraigh | edit source]

Barúntachtaí[athraigh | edit source]

Déimeagrafaic[athraigh | edit source]

De déir dhaonáireamh na bliana 2006, bhí 87,558 duine i gContae Chill Chainnigh, agus Gaeilge ag 35,669 acu. Bhí 39,809 duine ag obair ann, agus i mí na Lúnasa 2008 bhí 4,133 duine ar an mbeochlár. Sa bhliain 2007 rugadh 1,251 duine agus fuair 546 duine bás.

Is é an Caitliceachas príomhchreideamh an chontae, ach tá baill d'Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh, Meitidistigh agus Giúdaigh ann chomh maith.

Iompar[athraigh | edit source]

Tá seirbhís iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Port Láirge agus í ag gabháil trí Stáisiún Mhic Donncha i gcathair Chill Chainnigh agus trí Stáisiún Bhaile Mhic Andáin. Tá Stáisiún Phort Láirge le fáil taobh istigh den chontae chomh maith.

Tá seirbhísí ag Bus Éireann ar fud an chontae.

Aerfort Chill Chainnigh míle go leith siar ó chathair Chill Chainnigh. Tá sé aerárthach agus dhá fhaoileoir ann.

Spórt[athraigh | edit source]

Cumann Lúthchleas Gael[athraigh | edit source]

Dubh agus ómra, dathanna an chontae.

'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn an-rath orthu. Bhuaigh siad í ar Phort Láirge i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 2008 agus san iomlán rug siad an chraobh leo uair amháin is tríocha. Imrítear na cluichí is mó i bPáirc Uí Nualláin i lár na cathrach.

Rásaíocht chapall[athraigh | edit source]

Tá ráschúrsa Pháirc Ghabhráin in aice le Gabhrán. Sa bhliain 1914 a bhí na chéad rásaí ann, agus inniu bíonn sé chruinniú dhéag ann in aghaidh na blaina. Ar na rásaí is mó tá an Thyestes Chase ("Grand National" an Deiscirt), ceann de na léimrásaí is iomráití in Éirinn. An capall cáiliúil Arkle a bhuaigh é sa bhliain 1964, agus bhí rath ar Hedgehunter agus Numbersixvalverde - beirt a bhuaigh an Aintree Grand National chomh maith.

Bailte fearainn[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Cultúr[athraigh | edit source]

Bíonn an fhéile ghrinn Cat Laughs ar siúl i gCill Chainnigh gach bliain.

Daoine cáiliúla[athraigh | edit source]


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann