Seán Ó Mathúna
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba náisiúnaí Éireannach é Seán Ó Mathúna (1816 - 1877) nó John O'Mahony as Béarla, a bhí i measc na daoine a bhunaigh Bráithreachas na Poblachta. Rugadh i gCill Beithne, Contae Luimnigh é sa bhliain 1816. Ba bhaill Cumann na nÉireannach Aontaithe iad a athair agus a uncail agus ghlacadar páirt in Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798.
Rinne Ó Mathúna staidéar ar Sanscrait, Eabhrais agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cé go raibh cosc i bfheidhm ar Chaitlicigh a fhreastal ann ag an am.
Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag obair i gcoinne an aontais leis an Bhreatain, faoi cheannas Dhónaill Uí Chonaill. Thosaigh sé ag éirí tuirseach leis, áfach, mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí ann. Mar thoradh, chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Óga agus bhí ról aige san éirí amach mí-rathúil a bhí acu sa bhliain 1848. D'fhág sé an tír ansin, agus chaith sé tamall san Fhrainc sular bhog sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1854.
I Meiriceá, chuir seisean agus cúpla duine eile tús le Bráithreachas na bhFíníní, craobh Mheiriceánach de Bhráithreachas na Poblachta. Ba dhuine iomráiteach é leis na Gael-Mheiriceánaigh, agus dá bharr sin rinneadh coirnéal de sa 69ú Reisimint Airm an Aontais a throid i gCogadh Cathartha SAM. Bhí sé gníomhach freisin sna ruathair a rinne na Fíníní ar Cheanada sa bhliain 1866, agus Éirí Amach na bhFíníní ar ais in Éirinn sa bhliain 1867.
Cailleadh Ó Mathúna sa bhliain 1877. Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.
Ainmníodh páirc imirthe CLG Gaeil Ghailtí i gClii Beithne ina onóir.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.