George Berkeley
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fealsamh Éireannach ab ea é George Berkeley (12 Márta, 1685 – 14 Eanáir, 1753), a bhain cáil amach leis a theoric nua ar a dtugtar neamhábharachas. De bhunadh Chaisleán Disirt, Co. Chill Chainnigh, chapadh Berkeley ina Easpag Chluana sa bhliain 1734.
Tar éis roinnt bliana a chaitheamh ag taisteal sa Fhrainc agus san Iodáil, tháinig Berkeley ar an tuairim go raibh sibhialtacht na hÉorpa millte go deo. Cheap sé go raibh dóchas na tochaí ar fáil sa Domhan Úr.
I mí Mheán Fómhair 1728, tar éis do trí bliana a chaitheamh ag lorg deontas a mhealladh ó rialtas na Breataine, gheall Sir Horace Walpole suim £20,000 dó agus thóg se a sheolta a fhad le Newport, Rhode Island, in éineacht scaifte lucht leanúna agus a bhrídin nua.
Trí bliana ina dhiaidh, ámh, nuair a chuir an rialtas an deontas ar ceal, d'fhill sé abhaile. D'fhág s`e a lorg ar fhealsúnacht Mheiriceá agus chuir sé fuinneamh nua in oideachas ollscolaíochta na tire sin.
Ainmníodh ar ball ollscoil chlúiteach Berkeley ina onóir.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

