Cill Chainnigh
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gram, litriú, stíl, srl Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| Cill Chainnigh | |
|---|---|
| Léarscáil | |
| Daonra (2006) | 22,179 |
| Airde: | 60 m |
| Contae: | Contae Chill Chainnigh |
| Cúige: | Laighin |
Is í Cill Chainnigh an chathair intíre is mó in Éirinn, agus 25,000 duine ina gcónaí ann. Tá sí suite i gContae Chill Chainnigh ar bhruach Abhainn na Feoire.
B'ardchathair í sna meánaoiseanna (1293-1408) agus arís le linn na Cónaidhme sna blianta 1642-1648. Faoi láthair, tá Cill Chainnigh ag céilúradh a stádas mar chathair. Is iomaí cóisir atá le feiceáil ar na sráideanna. Bhronn Séamas I Shasana (agus VI Alban) cairt chathrach ar Chill Chainnigh sa bhliain 1609.
Inniu is mór an chathair thráchtála í. Níl aon fhostóirí móra sa chathair anois ach tá tarraingt na dturasóirí ann agus an-suim acu i gCaisleán Chill Chainnigh.
Níl an chathair seo ach 45km ó Chathair Phort Láirge agus tá tú in ann traein a thógáil go dtí an áit sin go díreach, 93km ó Chathair Luimní agus 101km ó Bhaile Átha Cliath agus tá traein le fáil go dtí an áit sin chomh maith.
Clár ábhair |
[athraigh] Spórt
'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn rath orthu. Iadsan a bhuaigh ar Phort Láirge i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 2008 agus rug siad an chraobh leo uair is tríocha.
Chomh maith leis sin bíonn lúthchleasaíocht leis an “Kilkenny City Harriers”, peil ghaeleach agus sacair á imirt sa chathair.
[athraigh] Foirgnimh Cáiliúil
[athraigh] Caisleáin Chill Chainnigh
Níl aon amhras ach gur cathair méanaoiseach í Cill Chainnigh agus mar sin is iomaí foirgneamh áileann atá le feiceáil inti. Cuirim i gcás a caisleán atá i lár na cathrach. Ceann de na caisleáin is fearr in Éireann é sin agus bíonn an áit sin plódaithe le turasóirí chuile samhradh. Tá gáirdín den chéad scoth timpeall an chaisleáin chomh maith.
[athraigh] Séipéil
Tá Ardeaglaisí iontacha sa chathair seo. Ard-Eaglais Mhuire agus Ard-Eaglais Naomh Cainneach (Saint Canice's Cathedral is ainm dóibh agus tá siad le feiceáil i ngach áit sa chathair. Maidir le Ard-Eaglais Naomh Cainneach, téann sé ar ais go dtí an noú aois agus tá sé ceann de na ardeaglaisí is fearr in Éireann, gan amhras. Tá cloigtheach in aice leis chomh maith. Is féidir na dréimirí a dreapadh chuig an barr, áit a bhfuil radhairc iontach thar an cathair.
[athraigh] Cultúr
Is ceannphointe móréilimh í Cill Chainnigh in Éirinn. Is iad na gaeilerí ealaín, foirgnimh stairiúil, amharclann, greann agus gairdíní poiblí ach roinnt de na cúisina gur tagann daoine. Tá cáil ar Chill Chainnigh mar chathair meánaoiseach agus is iomaí féile a bhíonn ar súil chuile blian. Cuirim i gcás an "Rhythm and Roots" agus "Hot Air Baloon Festival", ach go háirithe an "Arts Festival", "Cat Laughs", srl. Bionn a lán turasóirí san cathair ag faire ag na féilí sin, nó fiú ag tógaint atmaisféir deas an cathair isteach.
[athraigh] Siopadóireacht
Is áit iontach í Cill Chainnigh chun roinnt siopadóireacht a dhéanamh. Tá chuile sórt siopa ar fáil sa chathair, ar nós Monsoon, Jack Jones, TK Max, River Island, Next srl. Tá dhá phríomh ionad-siopadóreachta sa chathair; Market Cross (i lár na cathrach) agus Macdonagh Junction in aice le Stáisiún na traenach. Is áiteanna iontacha iad agus is iomaí bialann nó café atá iontu.
[athraigh] Bonneagar
[athraigh] Iarnród
D’oscail stáisiún traenach Cill Chainnigh ar an 12ú Bealtaine 1848. Ba lárionad iarnród mór é, bhí ceangailt aici le Baile Átha Cliath (Tríd Ceatharlach), Port Láirge, agus, I 1876 Port Laoise. Bhí sé seo mar tús tionscadal mór, an “Central Ireland Railway”. Bhí pleananna bhun lína iarnród rith ó bPort Láirge chuig an Muileann gCearr tríd Cill Chainnigh agus Portlaoise. Níor shroic said ach comh fada le Móinteach Mílic, le brainse chuig Caisleán an Chómair (usáidte I gcomhair gual). Dhúnach síos iad áfach I 1962 agus anois, tá air an traein teacht amach an tslí a tháinig sé isteach. Tá anois 8 seirbhís chuig agus ó Heuston Station gach lá.
[athraigh] Bóithre
Tá nasc bóthair chuig Darú (Contae Laoise) tríd an N77, agus Chuig Cluain Meala agus Callain tríd an N76. Bhí nasc ag an N10 chuig Port Láirge agus Baile Átha Cliath ach sa bhliain 2010 d’oscail Mótarbhealach M9 ina ionad. Anois tá an N10 mar nasc chuig an mótarbhealach, thart ar 5km amach ón gcuarbhóthar.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Kilkenny Ormond Hotel - Faoi Chill Chainnigh
- Oidhreacht na hÉireann - Caisleán Chill Chainnigh
- Gaelscoil Osraí - Gaelscoil i gCill Chainnigh
