John Locke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Locke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Lúnasa 1632
Wrington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Deireadh Fómhair 1704
72 bliana d'aois
High Laver, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaHigh Laver (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Theampall Chríost, Oxford (1652–1675)
Scoil Westminster (1647–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, eipistéimeolaíocht, fealsúnacht pholaitiúil agus míochaine
Gairmfealsamh, scríbhneoir, eolaí, dochtúir leighis, polaiteoir, fealsamh an dlí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Oxford
Anthony Ashley Cooper, 1ú Iarla Shaftesbury
Caleb Banks (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1668–) Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtEimpíreachas
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Laidin
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Locke  agus Agnes Keene
SiblínThomas Locke
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 15795789 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsúnaí agus dochtúir leighis ba ea John Locke (29 Lúnasa 1632 – 28 Deireadh Fómhair 1704), agus tá meas air mar dhuine de na hintleachtóirí is tábhachtaí de Ré na hEagnaíochta. Chuaigh a shaothar i bhfeidhm ar an eipistéimeolaíocht agus ar an bhfealsúnacht pholaitiúil, rud is léir ó Fhógra Neamhspleáchais na Stát Aontaithe.[1]

Is minic a deirtear gurb é Locke a chum teoiric úd na haigne ar eascair coincheap nua-aimseartha na féiniúlachta aisti, rud atá le haithint ar shaothar Hume, Rousseau, Kant agus fealsúnaithe eile. Bhí Locke ar an gcéad duine a shainmhínigh an Mise de réir leanúnachas comhfheasa, agus mhaígh sé gur as an taithí a thagann eolas.[2]

A bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iníon súdaire ba ea Agnes Keene, máthair Locke, agus b'aturnae tuaithe é John, a athair. Bhí sé siúd ina chaptaen marcra ar thaobh na Parlaiminte sa chéad chuid de Chogadh Cathartha Shasana, agus bhí sé féin agus a bhean chéile ina bPiúratánaigh. Rugadh Locke ar 29 Lúnasa 1632 i mbothán ceann tuí in Wrington in Somerset, agus d'aistrigh an teaghlach chun Pensford, baile mór atá seacht míle slí laisteas de Bhriostó. Tógadh Locke i dteach Tiúdarach amuigh faoin tuath in Belluton Sa bhliain 1647 chuaigh Locke ar Scoil iomráiteach Westminster i Londain agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Christ Church in Oxford. Is mó an tsuim a bhí aige i saothar fealsúnaithe comhaimseartha ar nós René Descartes ná san fhealsúnacht chlasaiceach.

Ghnóthaigh Locke céim BA sa bhliain 1656 agus MA sa bhliain 1658. Rinne sé dianstaidéar ar an leigheas agus é in Oxford, agus rinneadh baitsiléir leighis de sa bhliain 1674. Chomh maith leis sin, bhí caidreamh aige ar inleachtóirí den chéad scoth ar nós Robert Boyle, Thomas Willis agus Robert Hooke. Chuir sé aithne ar an Tiarna Anthony Ashley Cooper, an chéad Iarla de Shaftesbury, a bhain amach Oxford ag iarraidh leighis ar an ngalar ae a bhí air. Thaitin Locke le Shaftsbury, agus d'áitigh sé ar air dul leis mar dhuine dá chóisir. Sa bhliain 1667 chuir Locke faoi i dTeach Exeter i Londain mar dhochtúir pearsanta Shaftesbury, agus ba é barúil an Iarla gurb é Locke a thug slán ón mbás é.

Tháinig Locke faoi anáil Thomas Sydenham i Londain, rud a d'fhág a rian ar an tuiscint a bhí aige ar an aigne. Chomh maith leis sin, ba é Locke Rúnaí Bhord na Trádála agus na bPlandálacha agus Rúnaí Thiarnaí agus Úinéirí na gCairilíneach ag an am, rud a chuaigh i bhfeidhm ar a thuairimí ar chúrsaí geilleagair.

Bhí Shaftesbury ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí na bhFuigeanna agus dá bhrí sin chuaigh sé i gcion ar Locke i gcúrsaí polaitíochta. Tháinig lámh ag Locke sa pholaitíocht nuair a rinneadh Tiarna Seansailéara den Iarla sa bhliain 1672. Chaill sé siúd fabhar an Rí sa bhliain 1675 agus thug Locke tamall ag siúl na Fraince. D'fhill sé ar Shasana sa bhliain 1674 nuair a tháinig gnaoi an Rí ar Shaftesbury arís ar feadh tamaill, agus scríobh sé formhór Two Treatises of Government. Na laethanta seo deirtear gur argóint i gcoinne na Monarcachta Absalóidí agus ar son thoiliú an duine aonair atá iontu. Shíltí gur scríobhadh iad chun teacht i réim Liam Oráiste a chosaint, ach taispeánann an scoláireacht is déanaí gur cumadh iad i bhfad roimhe sin.[3]

Thug Locke an Ísiltír air féin sa bhliain 1683 agus drochamhras air go raibh lámh aige i gcomhcheilg Theach Rye (comhcheilg Fhuigeach, más fíor, i gcoinne Rí Séarlas II agus Shéamais, a dheartháir), cé nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh dlúthbhaint aige léi. Thug sé tamall maith san Ísiltír ag athscríobh an Aiste ar Aigne an Duine agus ag scríobh na Litreach ar an gCaoinfhulaingt. Tháinig sé ar ais le Máire, bean chéile Liam Oráiste, sa bhliain 1688. agus is gearr gur cuireadh a chuid saothar i gcló.

Thug a dlúthchara an Banuasal Masham cuireadh dó chun fanacht aici in Essex. Ní raibh an tsláinte go rómhaith aige ann agus an ghearranáil ag cur as dó, ach bhí ardmheas ag na Fuigeanna air, agus bhí caidreamh aige ar John Dryden, ar Isaac Newton agus eile. Cailleadh é ar 28 Deireadh Fómhair 1704. Níor fhág sé bean ná clann ina dhiaidh.

Caoinfhulaingt chreidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a scríobh Locke Letters Concerning Toleration (1689–92) tar éis chogaí na reiligiún san Eoraip chum sé trí argóint ar son na caoinfhulaingte: (1) Ní féidir leis an stát ná le daoine i gcoitinne fírinne na dtuairimí reiligiúnacha éagsúla a mheas go cothrom; (2) Fiú dá mb’fhéidir leo, níorbh fhiú “fíorchreideamh” a chur i bhfeidhm, toisc nach féidir creideamh a dhaingniú le lámh láidir; (3) is lú de chaismirt a thiocfadh as éagsúlacht tuairimí ná as comhéigniú.[4]

Teoiricí polaitiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an Conradh Sóisialta bunús theoiric pholaitiúil Locke. Chreid sé go raibh an réasún agus an chaoinfhulaingt le haithint ar nádúr an duine, ach d’aithin sé gurbh fhéidir le daoine a bheith leithleasach. Dúirt sé go mbíodh na daoine go léir ar comhchéim agus neamhspleách agus ceart ag gach duine chun a bheatha, a shláinte, a shaoirse agus a chuid maoine a chosaint. Níor leor an méid sin, áfach, agus dá bhrí sin bhunaigh na daoine sochaí shibhialta chun achrann a réiteach le cúnamh rialtais.

Srianú an mhéadaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir Locke gur saothar a dhéanann maoin, ach go gcuireann an cumas táirgthe agus an cumas úsáide teorainn lena méadú siúd. Deir Locke gur rud amú í maoin gan úsáid agus go bhfuil sí mínádúrtha. Nuair a cuireadh earraí buanseasmhacha ar fáil, bhí daoine in ann a gcuid earraí solofa a mhalartú ar na rudaí nua agus gan an dlí nádúrtha a bhriseadh. Ansin tugadh airgead isteach, rud a chuireann ar chumas daoine maoin a chruinniú gan srian agus atá bunoscionn, b’fhéidir, lena bhfuil le rá aige faoi theorainn an chruinnithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Becker, Carl Lotus, The Declaration of Independence: A Study in the History of Political Ideas, Harcourt, Brace, 1922, lch 27
  2. Baird, Forrest E. agus Kaufmann, Walter, From Plato to Derrida, Pearson Prentice Hall, 2008, Upper Saddle River, New Jersey, lgh 527–529
  3. Peter Laslett, "Two Treatises of Government and the Revolution of 1688," rannóg III den "Introduction", Cambridge: Cambridge University Press, 1988.
  4. McGrath, Alistair. 1998. Historical Theology, An Introduction to the History of Christian Thought. Oxford: Blackwell Publishers, lgh 214-5.


Liosta a mhórshaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Letter Concerning Toleration (1689)
    • A Second Letter Concerning Toleration (1690)
    • A Third Letter for Toleration (1692)
  • Two Treatises of Government (1689)
  • An Essay Concerning Human Understanding (1689)
  • Some Thoughts Concerning Education (1693)
  • The Reasonableness of Christianity, as Delivered in the Scriptures (1695)
    • A Vindication of the Reasonableness of Christianity (1695)