D. S. Ó Ciara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
D. S. Ó Ciara
Kilkenny crest.jpg
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint, Liathróid láimhe
Ainm Béarla D. J. Carey
Dáta breithe 11 Samhain, 1970
Dáta báis
Áit bhreithe Gabhrán, Contae Chill Chainnigh
Airde 5' 11"
Leasainm Dodger
Eolas club
Club Éire Óg
Ionad Tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Éire Óg 1980í - 2005
Idirchontae
Contae Cill Chainnigh
Ionad Tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Cill Chainnigh 1988 - 2007 57 (34/195)
Duaiseanna
Craobh Cúige Laighean 10
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 5
Sárimreoirí 9

Iar-iománaí Éireannach é Donncha Seosamh "D. S." Ó Ciara (Béarla: Denis Joseph "D.J." Carey), a rugadh ar an 11 Samhain, 1970. Is as Gabhrán, Contae Chill Chainnigh dó. Deirtear go bhfuil sé ar duine de na himreoirí is fearr ina ghlúin, nó fiú i stair an chluiche. Bhuaigh Ó Ciara cúig bhonn i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann le Cill Chainnigh, agus é ina chaptaen chomh maith. Tá naoi ngradam Sárimreoirí na Bliana aige freisin, níos mó ná éinne eile. Tosaí an-tréitheach agus cliste ab ea é Ó Ciara, agus bhí páirt lárnach aige sa rath a bhí ag an bhfoireann sa tréimhse sin.

D'éirigh Ó Ciara as an iománaíocht i mí an Mheithimh sa bhliain 2006. Rinneadh uachtarán ar Chumann na nImreoirí Gaelacha de.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Donncha Seosamh Ó Ciara i nGabhrán, baile beag i lár an chontae ar an príomhbhóthar idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge. Teaghlach mór a bhí ann, agus bhí triúr dheartháireacha agus dheirfiúracha aige. Níorbh é DJ an chéad imreoir sa chlann. D'imir a dheirfiúr Caitríona haca le foireann náisiúnta na hÉireann, agus b'iománaí é a dheartháir Máirtín, a roghnaíodh do scuaid Chill Chainnigh ar feadh chúpla bhliain. Tógadh DJ leis an iománaíocht ina fhuil in aon chor - bhí a uncail Máirtín ag imirt leis an bhfoireann áitiúil i nGabhrán Éire Óg, bhuaigh a aintín Peigí ceithre chraobh na hÉireann sa chamógaíocht, agus ba dhuine muinteartha é Pádraig Ó Faoláin freisin, iománaí iontach sna 1930idí.

Bhí ré órga ag na gCait (mar a dtugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae) sna 1970idí, agus d'fhoghlaim DJ an cluiche agus é ag féachaint ar na laochra móra ón dtréimhse sin, mar shampla Éadbhard Ó Cathaoir, Nollaig Ó Sceacháin agus Liam Mac Giolla Phádraig. D'imir DJ le roinnt iománaithe maithe eile sa cheantar, mar shampla Pádraig Ó Néill agus Séarlaí Mac Artúir, agus d'imir siad le chéile san fhoireann Chill Chainnigh níos déanaí. D'fhreastail DJ ar Choláiste Naomh Chiaráin, scoil le clú bainte amach mar naíolann do iománaithe óga. Taobh amuigh den iománaíocht, chaith DJ am ag imirt peil Ghaelach, sacar agus liathróid láimhe.

Cill Chainnigh[athraigh | edit source]

Tar éis na blianta ag imirt le Coláiste Naomh Ciaráin, bhuaigh DJ áit i bhfoireann Chill Chainnigh, sna scuaideanna mionúra agus faoi-21 ar dtús. Bhris sé isteach san fhoireann sinsearach, agus ghlac sé páirt ina chéad chluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1991, in éadan an na foirne láidir Tiobraid Árann ón dtréimhse seo. Chaill na Cait an cluiche seo, ach bhuaigh DJ a chéad bhonn an bhliain ina dhiaidh i gcoinne Chorcaí. Lean an rath ar aghaidh sa bhliain 1993, nuair a bhuaigh na Cait arís in aghaidh na Gaillimhe. Bhí comórtas iontach ag DJ an bhliain seo, le 2-4 i gcoinne Uíbh Fháilí agus 1-5 sa chluiche i gcoinne Loch Garman. Bhí cáil DJ ag fás go tapaidh, agus athnaíodh a chumas ar fud na tíre. Mar thoradh, bhuaigh DJ duaiseanna Sárimreoirí na Bliana i 1992 agus 1993, agus roghnaíodh é ina Imreoir Iománaíochta na Bliana i 1993.

Níor shroich Cill Chainnigh an cluiche ceannais arís go dtí 1998. Bhain DJ geit as an bpobal spóirt in Éirinn nuair a d'fhógair sé a scor i mí Aibreán. Dúirt DJ gurb é an brú trom a chuireadh air an chúis a bhí aige chun an socraíocht seo a dhéanamh. Fuair DJ a lán tacaíocht ón bpobal, agus d'aontaigh sé filleadh ar ais sé sheachtain níos déanaí, nuair a fuair sé níos mó ná 25,000 litir ag iarr air teacht ar ais.

Ní raibh an t-ádh ag na gCait sna blianta 1998 agus 1999, agus bhí rath acu arís sa bhliain 2000. D'imir DJ chomh maith is a d'imir sé riamh, ag scóráil cúil agus cúilíní ar fud na háite. Toghadh é ina 'man-of-the-match' sa chluiche ceannais, agus bhuaigh sé a 8ú Sárimreoir agus duais Imreoir Iománaíochta na Bliana eile. Fágadh DJ amach ó Foireann na Mílaoise, rud a chur iontas ar a lán daoine.

Gortaíodh DJ i dtimpiste gluaisteáin ag deireadh 2001, agus níor fhéidir leis imirt sa chomórtas. Ach tháinig DJ agus na Cait ar ais sa bhliain ina dhiaidh nuair a bhuaigh siad an comórtas arís. Fuair DJ a 9ú duais Sárimreoir, an uimhir céanna a bhí ag a laoch Éadbhard Ó Cathaoir. Bhuaigh na Cait arís i 2002 agus 2003, agus ghlac DJ an Corn Liam Mac Carthaigh, agus é ina chaptaen an bhliain seo i gcoinne Corcaigh.

Honóracha[athraigh | edit source]

Comórtas Uimhir Blianta
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 5 1992, 1993, 2000, 2002, 2003
Craobh Iomána Sinsearach Laighean 10 1991, 1992, 1993, 1998, 1999,
2000, 2001, 2002, 2003, 2005
Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta 4 1990, 1995, 2003, 2005
Craobh Iomána Faoi-21 na hÉireann 1 1990
Craobh Iomána Mionúr na hÉireann 1 1988
Craobh Iomána Chill Chainnigh 2 1996, 2000
Sárimreoirí na Bliana 9 1991, 1992, 1993, 1994, 1995,
1997, 1999, 2000, 2002

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]