Contae Ros Comáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Contae Ros Comáin | |
![]() |
|
| Achar: | 2,547 km² |
| Príomhbhaile: | Ros Comáin |
| Daonra: | 58,700 (2006) |
| Cúige: | Connachta |
I gCúige Chonnacht atá Contae Ros Comáin, agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn an Drochshaoil (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i dTeach Bhéal na mBuillí ([1]).
Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é Baile Átha Luain, áit atá suite ar bhruach na Sionnaine, sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochtantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhuigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean.
Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i Loch Cé i Ros Comáin Thuaidh.
Sa chontae seo a rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad Uachtarán ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán.
[athraigh] Bailte agus Sráidbhailte
- Bealach an Doirín, Baile an Tobair, Baile an Locha, Bál Áth na gCarr, Béal Átha na Muille, Mainistir na Búille, Béal Átha Fearnáin, Béal Átha Feorainne
[athraigh] Naisc
[athraigh] Naisc Sheachtracha
| Contaetha na hÉireann | |
| Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
| Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
| An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
| Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
| An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann | |
