Contae Mhaigh Eo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Mhaigh Eo
Island of Ireland location map Mayo.svg
Achar: 5,397 km²
Príomhbhaile: Caisleán an Bharraigh
Daonra: 130,638 (2011)
Cúige: Connachta

Maigh EoContae Mhaigh Eo ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.

Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeán an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhlian. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Moinsíneoir James Horan, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go rinne Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo caite, ach tá lagar mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin tugtar Gaeltachtaí ar cheantar mór timpeall Thuair Mhic Éide, cuid d'Acaill agus Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.

Tionscal[athraigh | edit source]

Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an t-uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta blian. Bhí an t-ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Mhaigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, "Muigh Eo, Dia 'ár sábháil". Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.

Stair Mhaigh Eo[athraigh | edit source]

Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte blian. In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara í Gráinne Uí Mháille nó Gráinne Mhaol a raibh eagla agus ómós ag Gael agus Gall di.

Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhlian 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.

Ag deireadh an 19ú haois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh.

Barúntachtaí[athraigh | edit source]

Bailte i gContae Mhaigh Eo[athraigh | edit source]

Príomhshráid Bhaile an Daighin, 13 Bealtaine 2005

Sleibhte[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Oileáin[athraigh | edit source]

Cultúr[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]



Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann