Dún Chaocháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún Chaocháin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°19′09″N 9°47′41″W / 54.3193°N 9.7948°W / 54.3193; -9.7948
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata

Ceantar Gaeltachta in Iorras in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Dún Chaocháin.

An t-ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Dún Chaocháin ainmnithe as seandún cinn tíre inar chónaigh fathach darbh ainm Caochán a bhí ar leathshúil, de réir an tseanchais. Níl an dún le feiceáil anois mar mhill creimeadh mara é.

An ceantar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar le beo.ie,

Chuir sé Gleann Cholm Cille i gcuimhne dom, leis na sléibhte móra donna, na tithe beaga bána scaipthe lena dtaobh agus trá gheal ghalánta i gcruth corráin. Ach seo Gleann Cholm Cille gan forbairt ar bith, más féidir é sin a shamhlú.
Cosúlacht eile idir an dá áit ná blas cainte na ndaoine. Tá baint idir muintir an dá cheantar ó tháinig daoine as Cúige Uladh anseo in aimsir Chromaill, nuair a díshealbhaíodh iad faoin pholasaí ar a tugadh "Go hIfreann nó go Connachta". Níos déanaí, chas siad ar a chéile agus iad thall in Albain ag toghadh phrátaí, nó nuair a chuaigh muintir Dhún na nGall go Maigh Eo ag iascaireacht.[1]

Ceantar fiáin iargúlta atá ann. Is siúlóirí iad an chuid is mó de na turasóirí a thagann anseo. Tagann tumadóirí, iascairí, seandálaithe agus geolaithe ann freisin.

Comhar Dun Chaocháin Teo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1995 a bunaíodh an comharchumann forbartha pobal seo. Tá réimse leathan tograí pobal- agus teanga-bhunaithe forbartha aige. Tá sé lonnaithe sa tSeanscoil i gCeathrú Thaidhg. Reachtáileann an eagraíocht naíonraí, seirbhís iar-scoile, féiltí, seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge, scéimeanna timpeallachta, cúrsaí oiliúna, campaí samhraidh, imeachtaí turasóireachta agus ar uile, agus foilsíonn sé nuachtlitir pobail. Cuireann sé eolas/cuidiú ar fáil do choistí deonacha atá ag feidhmiú i bparóiste Chill Chomáin ar chonas ba cheart tograí a fhorbairt agus a bhainistiú, foinsí maoinithe agus ar uile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]