Contae Ard Mhacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Ard Mhacha
TuaisceartEireannContaeArdMhacha.png
Achar: 1,254 km²
Príomhbhaile: Ard Mhacha
Daonra: 141,000 (meas)
Cúige: Ulaidh

I ndeisceart Chúige Uladh in Éirinn atá Ard MhachaContae Ard Mhacha (Armagh as Béarla). Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha

Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.

Tá Ard Mhacha theas an-Náisiúnaíoch (90%). Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúrí Sasanach bás anseo i rith na Trioblóidí.

Clár ábhair

Bailte i gContae Ard Mhacha [athraigh]

Contae Ard Mhacha

Bailte fearainn [athraigh]

Baruntachtaí [athraigh]

Paróistí [athraigh]

Cultúr [athraigh]

Tíreolaíocht [athraigh]

Stair [athraigh]


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann