Jean Joseph Amable Humbert
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Jean Humbert | |
| Dáta breithe | 22 Lúnasa, 1755 |
| Saint-Nabord, an Fhrainc | |
| Dáta báis | 3 Eanáir, 1823 |
| New Orleans, Meiriceá | |
| Náisiúntacht | Francach |
| Gairm | Saighdiúir |
Ba shaighdiúir Francach é an Ginearál Jean Joseph Amable Humbert (22 Lúnasa 1755 - 3 Eanáir 1823) a throid i Réabhlóid na Fraince. Saolaíodh i Vosges é. Chuaigh sé leis an saighdiúireacht. Bhí sé ina sháirsint ar dtús ach ceapadh mar chaptaen é ar an 11 Aibreán 1792, lieutenant-colonel ceithre lá ina dhiaidh sin, agus général de brigade ar an 9 Aibreán 1794. B'eisean a bhí i gceannas an airm a rinne ionradh ar Éirinn le cúnamh a thabhairt do na hÉireannaigh Aontaithe sa bhliain 1798. D'éirigh go maith leis ar dtús ach gabhadh i ndiaidh chath Bhaile na Muc é. Níorbh fhada go dtí gur fhill sé ar an bhFrainc, ach níor ghlac sé le Napoléon mar impire agus b'éigean dó teitheadh go Meiriceá sa bhliain 1808. Chuir sé faoi i New Orleans.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.