Acaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileán Acla

Is é Acaill an t-oileán is mó in Éirinn. Tá sé suite ar an gcósta thiar, i gContae Mhaigh Eo, i gCúige Chonnacht. Tá 2,569 duine ina gcónaí ann. Tá achar 146 ciliméadar (57 míle cearnach) cearnach ann. Tá leithinis an Chorráin i bparóiste Acla. Tá an leath thoir d'Oileán Acla agus leithinis an Chorráin i nGaeltacht Acla, ach tá i bhfad níos mó Gaeilge sa Chorráin anois.

Is é an Cruachán (688m) an pointe is airde ar an oileán. Tá aillte an Chruacháin, ar an taobh thiar den oileán, ar na triú haillte farraige is airde san Eoraip. Déantar tonnmharcaíocht go coitianta ar an Trá Mór i gCaol. Tá Acaill Bheag díreach taobh ó dheas d'Acaill, ós comhair na Cé Móire i gCloch Mhór. Tháinig bád tarrthála go hAcaill i samhradh na bliana 1996. Tá sé ar stáisiún anois i gCill Damhnait.

Naisc[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]