Contae Aontroma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Aontroma
Island of Ireland location map Antrim.svg
Achar: 2,844 km²
Príomhbhaile: Béal Feirste
Daonra: 618,108 (meas 2011)
Cúige: Ulaidh

Contae Aontroma (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.

Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chondae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Iompar[athraigh | edit source]

Tá naisc mhaithe le fáil i gContae Aontroma le dul ar mhuir, ar iarnróid, nó ag eitilt.

Aer[athraigh | edit source]

Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste

Is é Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste an t-aerfort is gnóthaí i dtuaisceart Éireann agus tá sé lonnaithe in Aldergrove i ndeisceart an chondae, áit atá roinnte idir údaráis an aerfoirt agus an Fórsa Aeir Ríoga. Is é an t-aerfort réigiúnach is mó i leith lastais aeir sa RA. Bíonn seirbhísí rialta ann go dtí An Bhreatain Mhór, mór-roinn na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.

Bíonn seribhísí aeir le fáil chomh maith ó Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best atá suite míle soir ó lár chathair Bhéal Feirste ar thaobh Chondae an Dúin den chathair, aerfort a athainmníodh i 2006 in ómós don imreoir sacair George Best.

Iarnróid[athraigh | edit source]

Amharc fosta ar Chatagóir:Stáisiúin iarnróid i gContae Aontroma

Is iad na bealaí Iarnróid Thuaisceart Éireann de chuid Translink na príomhlínte idir Béal Feirste, Aontroim, an Baile Meánach, Cúil Raithin, Port Rois, Doire, Carraig Fhearghais is Latharna.

Muir[athraigh | edit source]

Tá dhá longphort de chuid na gcinn is tábhachtaí dá bhfuil i dtuaisceart Éireann le fáil sa chondae, .i. Latharna agus Béal Feirste.

Téid báid farantóireachta ó chalaphort Latharna, áit ónar féidir taisteal go Cairn Riain agus An Srón (An t-Sròn) in Albainmar aon le Fleetwood i Sasana. Bhíodh seirbhís ó Bhéal Feriste go dtí an Srón Ramhar (An t-Sròn Reamhar) go dtí 2010.

Is é Calaphort Bhéal Feirste príomhgheata mara Thuaisceart Éireann, agus tá sé ag iarraidh níos tábhachtaí fosta do gheilleagar Phoblacht na hÉireann de réir a théid na blianta ar aghaidh chomh maith. Is lárionad tionscadail agus gnó é agus fá'n am seo tá sé mar fhócas do ghníomhaireacht na lóistíochta sa réigiún. Is fríd an chalafort a théid dhá thríú de thrádáil mhara an Tuaiscirt agus ceathrú cuid de thrádáil an oileáin ina iomláine. Glacann sé tuairim is 6,000 long in aghaidh na bliana.

Daonra[athraigh | edit source]

Cónaíonn 616,384 duine sa chontae de réir an eolais ó dhaonáireamh na bliana 2001 de chuid na Ríochta Aontaithe. Is é an condae is mó i gcúige Uladh agus an dara chontae is mó in Éirinn ó taobh líonn na n-áitritheoirí de.

Creideamh[athraigh | edit source]

Fosta, condae den dá chontae atá fágtha in Éirinn atá ann ina bhfuil bunús na ndaoine protastúnach (is é Condae an Dúin é an condae eile). Is é an Preisbitíreachas an claonadh creidimh is mó sa chondae. Leanann an Caitliceachas Rómánach sa darna áit, agus ina dhiaidh sin, Eaglais na hÉireann. Is é an t-aon chontae in Éirinn ina bhfuil sainchreideamh seachas an Caitliceachas mar sainchreideamh príomha. Is mar gheall ar nascanna láidre le hAlbain é an tionchar ón Phreisbitíreachas.

Riarachán[athraigh | edit source]

An baile condae traidisiúnta ná Aondroim fhéin. Níos deireannaí, rinneadh An Baile Meánach mar bhaile chondae agus mar shuí rialtais áitiúla. I 1973 stadadh condaetha Thuaisceart Éireann a bheith ina haonáin riaracháin go hoifigiúil, bliain i ndiaidh teipeadh rialtais tuaisceartaigh i Stoirmhonadh (nó Cnoc an Anfa mar a thugtar air fosta), le hathamharc a dhéanamh ar cúrsaí riaracháin áitiúla. Gídh go maireann na condaetha beo go cultúrtha, i gcúrsaí reatha, agus I dtaca le cúrsaí dlí, chanfhuil siad ann daofa a thuilleadh maidir le cúrsaí riaracháin. Ina leabaidh sin, tá an réigiún roinnte eadar 26 cheantar. Tá na ceantair seo a leanas le fáil go hiomlán laistigh de limistéir an chondae:

  • Comhairle Buirg Bhaile Mheadhónaigh
  • Comhairle Buirg Aondroma
  • Comhairle Buirg Bhaile Mhónaidh
  • Comhairle Buirg Bhaile na Mhainistreach
  • Comhairle Buirg Charraig Fhearghais
  • Comhairle Buirg Latharna
  • Comhairle Ceantair na Maoile

Tá codanna de na ceantair seo a leanas le fáil taobh istigh den chondae:

Tá na toghcheantair seo a leanas suite go hiomlán taobh istigh de theorainneacha an chondae:

  • Aondroim Theas
  • Aondroim Thoir
  • Aondroim Thuaidh
  • Béal Feirste Thiar
  • Béal Feirste Thuaidh

Tá codanna de na toghcheantair seo a leanas laistigh den chondae

  • An Bhanna Uachtarach
  • Béal Feirste Theas
  • Gleann an Lagáin
  • Londandhoire Thoir

Bailte i gContae Aontroma[athraigh | edit source]

Sráidbhailte[athraigh | edit source]

Barúntachtaí[athraigh | edit source]

Bailte fearainn[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Comhairle[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Cultúr[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann