Reachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf saitilíte

Is oileán é Reachlainn (Rathlin), atá suite deich gciliméadar ó chósta thuaidh Chontae Aontroma, Tuaisceart Éireann. Is é Reachlainn an áit is tuaisceartaí i dTuaisceart Éireann. Tá cuma L ar an oileán - tá achar 7 gcimiléadar ón gcósta thoir go dtí an cósta thiar agus achar 4 chiliméadar ón gcósta thuaidh go dtí an cósta theas.

Níl ach 75 daoine ina gcónaí ar an oileán (daonáireamh 2001). Níl oileán eile i dTuaisceart na h-Éireann le pobal buan.

Stair[athraigh | edit source]

Is ar Reachlainn a tharla an chéad sceimhle Lochlannach ar Éirinn, de réir Annálacha Ulaidh. D'fhoghlaigh na Lochlannaigh eaglais an oileáin agus loisc siad roinnt foirgneamh sa bhliain 795.

Rinneadh ár ar mhuintir Chlainn Mhic Dónaill a bhí ag lorg tearmainn ar Reachlainn sa bhliain 1575. Mharaigh na Sasanaigh gach fear, bean agus páiste den chlann. Cuireadh na céadta duine chun báis.

Mharaigh Protastúnaigh de Chlann Mhic Cailín idir 100 agus 3,000 Caitlicigh de Chlann Mhic Dónaill ar Reachlainn sa bhliain 1642. Caitheadh na scórtha bean ó na haillte.

Rinne Guglielmo Marconi an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go Reachlainn ar 6 Iúil, 1898.