Contae Phort Láirge
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Contae Phort Láirge | |
![]() |
|
| Achar: | 1,832 km² |
| Príomhbhaile: | Port Láirge |
| Daonra: | 107,942 (2006) |
| Cúige: | An Mhumhain |
I ndeisceart Chúige Mumhan atá Port Láirge nó Contae Phort Láirge. Is é Port Láirge an 21ú contae is mó in Éirinn, leis an 20ú daonra is mó[1]. An contae is lú, leis an daonra is lú, i gCúige Mumhan atá ann. Is é an t-ainm Sean-Lochlainnise Veðrafjǫrðr nó Vedrarfjord bunús ainm Béarla an chontae, Waterford.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
[athraigh] Na Déise
Ba Ghaeil iad na Déise a chuir fúthu sa cheantar. Deir na seanscéalta go raibh ar na Déíse teitheadh ón tuaisceart (nó ón mBreatain Bheag) agus gur ansin a tháinig an treibh seo chun an cheantair. Úsáidtear an téarma "Déise" fos sa lá atá inniu ann agus is barúntachtaí in iarthar an chontae iad Na Déise laistrigh den Drom agus Na Déise lasmuigh den Drom. Deirtear go raibh an Chríostaíocht ann sular tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán na hAirde Móire. Is ionann seanchríoch na nDéise agus deoise Chaitliceach an lae inniu, Port Láirge agus Lios Mór. Tháinig na Lochlannaigh go dtí an ceantar timpeall na bliana 800. Bhunaigh siad bailte, ina measc Port Láirge, Vedrarfjord, sa bhliain 853. Sin mar a fuair Baile na nGall agus Heilbhic a n-ainmneacha chomh maith.
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá dhá shliabhraon suite i gContae Phort Láirge, Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh agus Sléibhte an Chomaraigh. An áit is airde sa chontae ná Cnoc Mhaoldomhnaigh (794 méadar). Is iomaí abhainn atá ann freisin, ina measc an tríú habhainn is faide in Éirinn, an tSiúir (194 ciliméadar), agus an ceathrú habhainn is mo in Éirinn, an Abhainn Mhór (168 ciliméadar). Tá breis is 30 trá suite ar chósta bolcánach an chontae.
[athraigh] Suíomh
- Sa tuaisceart: Contae Thiobraid Árann
- San oirthuaisceart: Contae Chill Chainnigh
- San oirthear: Contae Loch Garman
- Sa deisceart: An Mhuir Cheilteach
- San iarthar: Contae Chorcaí
[athraigh] Pobail
| Bliain | Daonra | |
| 1653 | 13136 | |
| 1659 | 13286 | |
| 1821 | 76103 | |
| 1831 | 85217 | |
| 1841 | 196187 | |
| 1851 | 164035 | |
| 1861 | 134252 | |
| 1871 | 123310 | |
| 1881 | 112768 | |
| 1891 | 98251 | |
| 1901 | 87187 | |
| 1911 | 83966 | |
| 1926 | 78562 | |
| 1936 | 77614 | |
| 1946 | 76108 | |
| 1951 | 75061 | |
| 1956 | 74031 | |
| 1961 | 71439 | |
| 1966 | 73080 | |
| 1971 | 77315 | |
| 1979 | 87278 | |
| 1981 | 88591 | |
| 1986 | 91151 | |
| 1991 | 91624 | |
| 1996 | 94680 | |
| 2002 | 101546 | |
| 2006 | 107961 |
[athraigh] Barúntachtaí
Tá naoi mbarúntacht i gContae Phort Láirge (an bharúntacht go léir nó cuid di). Seo iad na barúntachta, i mBéarla agus i nGaeilge.
- Coshmore and Coshbride, Cois Abha Móire agus Cois Bhríde
- Decies-within-Drum, Na Déise laistigh den Drom
- Decies-without-Drum, Na Déise lasmuigh den Drom
- Gaultiere, An Ghailltír
- Glenahiry,Gleann na hUidhre
- Kilculliheen, Cill Choilchín
- Middlethird, An Trian Meánach
- Upperthird, Uachtar Tíre
- Waterford City, Cathair Phort Láirge
[athraigh] Cathracha, bailte agus sráidbhailte
- (Abbeyside) Dún na Mainistreach, (Affane) Ádh Mheán, (Aglish) An Eaglais, (Annestown) Bun Abha, (An Rinn) Rinn Ua gCuanach, (Ardmore) Ard Mhór
- (Ballinacourty) Baile na Cúirte, (Ballinameela) Baile na Míolach, (Ballinamult) Béal na Molt, (Ballinroad) Baile an Rodaigh, (Ballybeg) An Baile Beag, (Ballybricken, Waterford City|Ballybricken) Baile Bhricín, (Ballyduff Lower) Baile Uí Dhuibh, (Ballyduff Upper) An Baile Dubh, (Ballydurn) Baile Uí Dhoirn, (Ballygunner) Baile Mhic Gonair, (Ballylaneen) Baile Uí Fhlaithnín, (Ballymacarbry) Baile Mhic Cairbre, (Ballymacart) Baile Mhic Airt, (Ballynaneashagh) Baile na nDéiseach, (Ballysaggart) Baile na Sagart, (Ballytruckle) Baile Throcail, (Bilberry) Carraig na bhFraochán, (Bunmahon) Bun Machan, (Butlerstown) Baile an Bhuitléaraigh
- (Cappoquin) Ceapach Choinn, (Carrickbeg) An Charraig Bheag, (Carriglea) An Charraig Liath, (Cheekpoint) Pointe na Síge, (Clashmore) Clais Mhór, (Clonea-Power) Cluain Fhia-de Paor, (Clonea Strand) Trá Chluain Fhia, (Colligan) An Choilleagáin, (Coolnasmear) Cúil na Sméar, (Crooke) An Crúc
- (Dungarvan) Dún Garbhán, (Dunhill) Dún Aill, (Dunmore East) Dún Mór
- (Faha) An Fhaiche, (Faithlegg) Faiche Liag, (Fenor) Fionnúir, (Ferrybank) Port Mór, (Fews) Feá, (Fourmilewater) Caisleán Cuanach
- (Glencairn) Bhaile an Gharráin, (Grange) An Ghráinsigh
- (Helvick Head) Ceann Heilbhic
- (Kilbrien) Cill Bhriain, (Kilgobinet) Cill Ghobnait, (Kill) An Chill, (Killea) Cill Aodha, (Kilmacthomas) Coill Mhic Thómáisín, (Kilmanahan) Cill Mainchín, (Kilmeaden) Cill Mhíodáin, (Kilrossanty) Cill Rosanta, (Kilwatermoy) Cill Uachtar Maí, (Kinsalebeg) Baile an Phoill, (Knockanore) Cnoc an Óir
- (Lemybrien) Léim Uí Bhriain, (Lisduggan) Lios Dúgáin, (Lismore) Lios Mór Mochuda
- (Mahon Bridge) Droichead na Machan, (Mine Head) Mionn Ard, (Modeligo) Maigh Dheilge, (Mothel) Maothail, (Mount Congreve) Bruachaill, (Mount Mellaray) Cnoc Mheilearaí
- (Newtown) An Baile Nua
- (Old Parish) An Seanphobal
- (Passage East) An Phasáiste, (Portlaw) Port Lách
- (Rathgormack) Ráth Ó gCormaic
- (Sliabh gCua) Sliabh gCua, (Stradbally) An tSráidbhaile
- (Tallow) Tulach an Iarainn, (Tramore) Trá Mhór, (Touraneena) Tuar an Fhíona, (Tourin) An Tuairín, (Tycor) An Tigh Corr
- (Waterford) Port Láirge, (Whitechurch) An Teampall Geal, (Whiting Bay) Béal Abha, (Woodstown) Ceann Chnoc Mhilis
- (Villierstown) An Baile Nua
[athraigh] Na bailte is mó
[athraigh] An chathair
Is í Port Láirge an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an gcúigiú ceann is mó sa tír. B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
Is é Túr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó Rögnvaldur as Íoslainnis.
Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir tús le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa 19ú haois.
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh Chontae Chill Chainnigh.
[athraigh] Cultúr
[athraigh] Gaeltacht na nDéise
Tá Gaeltacht na nDéise suite ar chósta Chontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste, an Seanphobal agus paróiste na Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin.[2] Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidir Gaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.
[athraigh] Spórt
[athraigh] Cluichí Gaelacha
[athraigh] Iomáint
Tá an-suim ag muintir Chontae Phort Láirge san iomáint. Bhain foireann na sinsear Craobh na hÉireann sna blianta 1948 agus 1959, agus ghnóthaigh siad Craobh na Mumhan sna blianta 1938, 1948, 1957, 1959, 1963, 2002, 2004 agus 2007.
[athraigh] Peil
Ní an pheil chomh fairsing leis an iomáint sa chontae. Ghlac foireann an chontae páirt i gcluiche ceanais na hÉireann sa bhliain 1898 ach buaileadh iad i gcoinne Átha Cliath.
[athraigh] Sacar
I measc na n-imreoirí cáiliúla a rugadh nó a tógadh sa chontae tá Jim Beglin, John O'Shea, Daryl Murphy, Stephen Hunt agus Noel Hunt.
Glacann Port Láirge Aontaithe, foireann atá lonnaithe i gcathair Phort Láirge, páirt sa chéad roinn i Sraith na hÉireann. Bunaíodh an cumannn mar Waterford Football Club sa bhliain 1930, agus is ansin a d'imir siad i Sraith na hÉireann den chéad uair. Athraíodh an t-ainm chuig Waterford United sa bhliain 1982.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Corry, Eoghan (2005). "The GAA Book of Lists": 186-191. Hodder Headline Ireland.
- ↑ http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=2
- An Dr. John Walsh: 'Ó Heilbhic go Heilsincí: Gaeltacht na nDéise i gcomhthéacs idirnáisiúnta teanga’. Cur i láthair ag "Tionól an tSamhraidh", scoil samhraidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Chomhairle Contae Phort Láirge, An Rinn, Co. Phort Láirge, 8 Iúil 2005
- Walsh, J., 2005. ’An Ghaeilge agus an fhorbairt shoch-eacnamaíoch i nGaeltacht na nDéise’. An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimh. 9, 2005, 138-156.
[athraigh] Naisc sheachtracha
| Contaetha na hÉireann | |
| Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
| Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
| An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
| Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
| An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann | |
