Loch nEathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá satailíte de Loch nEathach

Is é Loch nEathach an loch is mó sna hOileáin Bhriotanacha. Tá sé thart fá 30 km (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé corr a bheith 30 km siar as Béal Feirste. Tá an loch glé-íseal timpeall a imill agus chan fhuil ach meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa phríomhchuid den loch. Is é a doimhneacht is mó ná 25 méadar (80 troigh). Tá sé suite i dtuaisceart na tíre i lár oirthear Uladh, agus tá bruacha ag cúig chinn de chontaetha Uladh ar an Loch; .i. Contae Aontroma, Contae Ard Mhacha, Contae Doire, Contae an Dúin, agus Contae Thír Eoghain. Tá Aontroim, Droichead na Tuama, agus Doire Mhic Chais cois locha.

Gídh go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé fíorfhoscailte, agus thig leis an uisce éireacht thar a bheith garbh go gasta in aimsir ghaofar.

Insíonn sean-scéal Gaelach an dóigh ar rinneadh an loch, nuair a sciob Fionn Mac Cumhaill píosa talún ina lámha agus chaith le namhaid in Albain é. Char bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i Muir Éireann, i dtreo is gur chum sé Oileán Mhanann. Tarann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh sna portaigh agus ar na tránna cois locha.

Tá tábhacht le hiascaireacht eascainne ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus fós féin díolann iascairí de bhunadh an mhórcheantair a gcuid eascann do phroinntithe ar fud an domhain.