Oileán Mhanann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
| Mana: Quocunque jeceris stabit (Laidin: Aon áit a chaithfead é, seasfaidh é ann) |
|||||
| Amhrán náisiúnta: "O Land of Our Birth" (Gaeilge Mhanann: "Arrane Ashoonagh dy Vannin") |
|||||
| Príomhchathair | Dubh Lios 54°9′ Thuaidh 4°29′ Thiar |
||||
| An chathair is mó | Dubh Lios | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla, Gaeilge Mhanann | ||||
| Rialtas | Eilís II Paul Haddacks James A. Brown |
||||
| Spleáchríoch corónach |
1765 | ||||
| Achar • In iomlán • Uisce (%) |
572 km² (-) 0% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2006 • Daonáireamh 2006 • Dlús |
80,058 (201ú) - 131.2/km² (75ú) |
||||
| OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2003 $2.113 billiún (182ú) $35,000 (12ú) |
||||
| Airgeadra | Punt Manannach (ar chothrom leis an bpunt steirlinn) ( GBP) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
GMT (UTC+0) BST (UTC+1) |
||||
| Fearann Idirlín | .im | ||||
| Glaochód | +441 |
||||
| (1) Cód cheantair RA 1624 | |||||
Is spleáchríoch de Choróin na Ríochta Aontaithe é Manainn, nó Oileán Mhanann, agus é suite ar Mhuir Éireann ar chomhfhad ó Éire, Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag. Is ó Mhanannán Mac Lir, dia na farraige ag na sean-Ghaeil, a thagann an t-ainm. Tá oidhreacht Ghaelach ag an oileán, agus leanadh ag labhairt roinnt de Ghaeilge Mhanann go dtí tús an 20ú aois. Ach bhí tionchair eile air freisin, ar nós tionchar Lochlannach agus Sasanach, ar feadh i bhfad.
Clár ábhair |
[athraigh] Teanga
Béarla an gnáththeanga cumarsáide ar fud an oileáin. Fuair an cainteoir dúchais deiridh le Gaeilge Mhanann bás i 1976. Feictear comharthaí Manainnise ar bhóithre, ar thithe agus ar fheithiclí.
[athraigh] Stádas
Tá stampaí agus nótaí dá chuid féin ag oileán Mhanann. Is spleáchríoch corónach é nach bhfuil sa Ríocht Aontaithe, agus ní ball ná ball comhaltais san Aontas Eorpach é. Tá an cáil ar oireachtas Mhanann, an Tinbheal, gur é an ceann is ársa ar domhain, cé go maíonn tíortha eile gur acu féin atá an onóir sin. Tá dhá chuid sa Thinbheal, an Thie Keere Feed (Teach na nEochracha, 24 chomhalta tofa ag an bpobal) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Is é rí nó banríon Shasana, faoin teideal "Tiarna Mhanann", an ceann stáit. Mar sin, is minic rialtas Londain ag déanamh cinniúintí san oileáin trí "Orduithe sa Chomhairle." Anois is arís tagann athraithe dlí bunaithe ar dhlí Shasana agus, níos minicí ná sin, rialacháin de chuid Aontas na hEorpa.
Éilíonn Mec Vannin ('Mic Mhanann'), páirtí polaitiúil, neamhspleáchas iomlán don oileán. Tá Páirtí Lucht Oibre Mhanann ceangailt le Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain. Bhíodh páirtí cumannach agus páirtí náisiúnach freisin sa dtionól uair.
[athraigh] Caitheamh aimsire
Tagann a lán turasóirí as Éirinn, Albain, Sasana agus ón mBreatain Bheag ar saoire, go minic ar feadh cupla lá, mar gheall ar chomh gar dóibh atá Manainn. Tá tránna breátha ar an oileán. Tagann sluaite, freisin, don rás gluaisteáin bliantúil, an "Isle of Man TT", a théann timpeall an oileáin.
[athraigh] Géilleagar
Mar gheall ar a stádas dlitheach taobh amuigh den Ríocht Aontaithe agus den Aontas Eorpach, bíonn gnó mór bancaerachta ar Mhanann. Tá tábhacht freisin leis an turasóireacht. Tá an costas marachtála ard, ach tá tuarastáileanna cuíosach íseal i gcomparáid leis an tuarastal sna náisiúin mórthimpeall air. Tá roinnt mhaith táirgeadh earraí ar an oileán fosta, le béim anois ar ghnónna ard-theicneolaíochta. Bhí tábhacht le talmhaíocht agus iascaireacht tráth, ach níl iontu anois ach céatadán an-bheag de ghéilleagar an oileáin.

