Aontroim
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Aontroim Antrim |
|
|---|---|
| Daonra (2001) | 20,001 |
| Dífhostaithe | 3.8% (aois 16-74) |
| Creideamh | Protastúnaigh 61.5%, Caitlicaigh 32.9% |
| Comhairle Áitiúil | Chomhairle Buirg Aontroim |
| Ceanntar Parlaiminte | Deisceart Aontroma |
| Ball Parlaiminte | William McCrea |
| Contae | Contae Aontroma |
| Cúige | Ulaidh |
Is baile mór in oirthuaisceart na hÉireann í Aontroim. Is í príomhchathair Chontae Aontroma, suite in aice le Loch nEathach, i dTuaisceart Éireann. Is í an lárionad riaracháin do Chomhairle Buirg Aontroim an baile seo. Tá timpeall 25,000 duine ina gcónaí sa bhaile féin. Tá ospidéal an-mhór ann, Ospidéal Limistéar Aontroim, atá ina ospidéal agus ionad sláinte is mó i gContae Aontroma theas. Tá na hAontachtaithe ar an gcuid is mó den phobal, agus sin fíor den phríomhreiligiún, an Protastúnachas chomh maith (80%).
