Oirthear Maí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cloigtheach agus Teampall Naomh Pádraig (Eaglais na hÉireann), in Oirthear Maí

Is baile agus paróiste sibhialta suite i gContae Aontroma é Oirthear Maí. Bhí 1,122 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2013.

Thart ar an bhliain 460, chuir Naomh Olcán mainistir ar bun san áit. Deisceabal de chuid Naomh Pádraig é agus bhain tábhacht réigiúnda leis an mhainistir san am. Is é bun an chloigthí an t-aon rian den mhainistir atá fágtha. Tá sé suite in aice le Teach Pobail Naomh Pádraig agus é timpeall ar 11 m ar airde agus trí húrlár ann. Tá sé ina shéadchomhartha sceidealaithe (SMR, uimhir ANT 013-010). Tá teampall breá Preisbitéireach ar an bhaile comh maith.

Tá cliú ar Oirthear Maí inniu mar gheall ar imeachtaí gluaisrothaíochta a thionóltar ann.

An teampall Preisbitéireach in Oirthear Maí

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]