Baile an Chaistil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

De réir daonáirimh 2001, tá 5,089 daoine i mBaile an Chaistil, agus is príomhbhaile riaracháin Cheantar na Maoile é. Tá an baile suite ag bun na habhann Margaidh ar an taobh thuaidh de Ghleannta (nó Glinntí) Aontroma, ar chósta thuaidh Chontae Aontroim. Sníonn Sruth na Maoile idir an baile agus Cinn Tíre na hAlban. Caitheann daonra an bhaile vótaí ar son páirtithe náisiúnacha sa chuid is mó, agus is é an Caitliceachas an creideamh is mó sa cheantar. Tá na Gleannta Caitliceach chomh maith, ach baineann an chuid is mó den daonra atá ina gcónaí faoin tuath taobh thiar den bhaile leis an bProtastúnachas.

An leacht chuimhneacháin i gcuimhne ar Guglielmo Marconi.

Tá calafort beag i mBaile an Chaistil, áit a sheolann an bád fartha go Reachlainn (oileán atá deich gciliméadar ón chósta agus díreach ó thuaidh de Bhaile an Chaistil féin), agus go Ceann Loch Chille Chiarain in Albain (i rith an tSamhraidh).

Labhrann an chuid is mó de mhuintir Bhaile an Chaistil an Béarla. Tá naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge ann anois agus aitheantas oifigiúil acu. Bhí Gaeilge beo sna Glinntí go dtí 1960 d’ainneoin gur chríochnaigh sí mar theanga phobail timpeall an Chéad Chogadh Mór. Bailíodh béaloideas i nGleann Seisce sna 1930í.

Tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i gcuimhne ar Guglielmo Marconi, a rinne an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go Reachraí. Tá clú agus cáil ar Bhaile an Chaistil mar gheall ar an bhFéile Lúnasa a théann ar aghaidh gach bliain Fhéile Sean-Lammas (Ould Lammas Fair), titeann seo ar an Luan agus ar an Máirt deireanach de mhí Lúnasa gach bliain.

Tá an baile suite sa ghleann a osclaíonn i dtreo na hAlban ar shleasa thuaidh Gleann Seisce, Cnoc Leithid, agus Gleann Taise. Is é Ráth Muadháin ainm an pharóiste agus ba é Naomh Éanán mac le Muadháin agus sagart de chuid Naomh Pádraig a bhunaigh é. Titeann a lá Féile ar an 24ú Márta.