Naomh Pádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh Naomh Pádraig i gContae na Mí

Is é aspal náisiúnta na nGael Pádraig Mac Calprainn, ar a dtugtar Naomh PádraigPádraig Naofa (17 Márta, 461, 492493 a cailleadh é). Thug sé an Chríostaíocht go hÉirinn.

Saoránach Rómhánach de bhunadh Briotanach a bhí i bPádraig. Ceiliúrtar Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, an lá a cailleadh é. Is ainm pearsanta an-choitianta in Éirinn é Pádraig, ach níor baisteadh ar mórán leanaí é go dtí timpeall 120 bliain ó shin. Tá raidhse mór foirmeacha aige - Pádraig, Pádraic, Páraic (go háirithe san iarthar), Pa, Pat, Peaits nó Patch, Paddy, Patsie, Páid nó Paud, Patrice na Fraincíse agus Patrizio na hIodáilise.

De réir an scéil, fuadaíodh é ó thír a mhuintire go hóg, agus cuireadh ag aoireacht ar Shliabh Mis i gContae Aontroma é. Nuair a d´fhill sé ar a mhuintir, bheartaigh sé an Chríostaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus d'fhill sé sa bhliain 432. Cé gur tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtús nuair a chuir an Pápa Ceilistín Palladius go hÉirinn i 430, ba é Pádraig an té ar éirigh leis an creideamh a scaipeadh. Insítear scéal freisin faoin iarracht a bhí á déanamh ag Pádraig taoiseach a thabhairt chun na Críostaíochta. Sháigh Pádraig a chrois de thimpist i gcois an taoisigh, ach má dhein níor labhair an taoiseach focal ná ní dhearna gearán. Ghlac sé féin agus a mhuintir leis an gcreideamh nua ag ceapadh gur chuid den searmanas a bhí sa sá.

Deirtear gur phioc Pádraig seamróg agus gur úsáid sé í leis an Tríonóid a mhíniú dá éisteoirí. Deirtear freisin gur dhíbir sé na nathracha nimhe as Éirinn, ach tá amhras faoi seo, nó ní heol dúinn go raibh nathracha nimhe riamh sa tír. Is dóichí gur mar shamhail a húsáideadh an scéal seo don dóigh ar ruaig sé seanchreideamh na nGael, agus go seasann na péisteanna agus na nathracha nimhe don diabhal agus dá chuid mioscaise, is é sin, don tseanchreideamh féin.

Seanchas agus Béaloideas[athraigh | edit source]

Tá ról tábhachtach ag Pádraig i mbéaloideas na hÉireann agus na Gaeltachta, agus is iomaí scéal a d'insíodh seanchaithe an tseansaoil faoi. Chuala saol na Gaeilge iomrá ar an lá a casadh Pádraig agus Oisín, an fear deireanach de na Fianna, ar a chéile in Éirinn. Meafar iontach is ea é an scéal seo don dóigh ar tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn agus an Phágántacht ag cúlú roimpi.

Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó Thír na hÓige agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin.

Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach Goll. "Ní chreidfinnse i nDia", ar seisean, "go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu." Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun "iall a chur i súiste Ghoill", mar a dúirt sé.

Paidir Pádraig Naofa[athraigh | edit source]

Críost liom
Críost romhan
Críost i mo dhiaidh
Críost ionam
Críost fum
Críost uasam
Críost ar mo lámh dheis
Críost ar mo lámh chlé
Críost i gcroí gach duine lena labhraim
Críost i mbéal gach duine a labhras liom
Críost i ngach súil a dhearcas orm
Críost i ngach cluas a chluineas me
Amen

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

(Athinsint ghairid é seo ar an scéal Mar a chuaigh Oisín go Tír na hÓige ón leabhar Seanchas Annie Bhán le Gordon W. MacLennan, Baile Átha Cliath 1997. ISBN 1-898473-84-6)