Bunscoil an Chaistil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBunscoil an Chaistil
Sonraí
CineálGaelscoil Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingaelscoileanna.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is Gaelscoil í Bunscoil an Chaistil i Baile an Chaistil, Contae Aontroma.

Tá an-chuid imeachtaí ar siúl sa scoil ar nós:

1. Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta: Bíonn ranganna ar siúl ag Glór na Maoile achan bhliain agus bíonn suas le 4 leibhéal líofachta ó bhunrang a fhad le hard rang.

2. Rang Dioplóma: Shocraigh Pobal an Chaistil rang dioplóma tríú leibhéil i mbliana sa Ghaelscoil. Tá an chúrsa aitheanta mar dhlúthchuid d’Ollscoil na Gaillimhe.

3. Dianchúrsa dheireadh seachtaine: Reáchtálann Glór na Maoile deireadh seachtaine lán-Ghaeilge in Óstán Oileán na gCaorach achan bhliain. Bíonn daoine ag teacht ó chian agus ó chóngar le freastal air.

4. Scéim shamhraidh Chothraí: Bíonn scéim shamhraidh ar siúl gach bliain ag Glór na Maoile fá choinne páistí bunscoile nach bhfuil mórán taithí teanga agus cultúir acu. Tugann an chúrsa léargas do na páistí ar an teanga, ar dhamhsa, ar spórt agus ar cheol.

5. Buíon Tuismitheoirí agus Tachrán fríd mheáin na Gaeilge: Déantar seo a reáchtáil dhá mhaidin sa tseachtain le linn téarma scoile. Tugann sé blas na teanga do dhaoine atá ag déanamh machnaimh ar an ghaelscolaíocht mar rogha oideachais dá bpáistí.

6. Gaelscoil an Chaistil: Tá Gaelscoil an Chaistil comhdhéanta de dhá pháirt; Naíscoil an Chaistil a chuireann oideachas réamhscolaíochta lán-Ghaeilge ar fáil, agus Bunscoil an Chaistil, a chuireann bunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

7. Cumann Iarscoile an Chaistil: Reácháiltear Gaelscoil an Chaistil cumann iarscoile lán-Ghaeilge gach lá sa tseachtain le linn téarma scoile.

8. Scéim Shamhraidh an Chaistil: Bíonn scéim shamhraidh ann ar feadh bhunús an tsamhraidh do pháistí Bunscoile a bhfuil Gaeilge líofa acu.

9. Ranganna Gaeilge sa mheánscoil: Mar chuid de churaclam na hIar-bhunscoile bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil ag Coláiste na Croise agus na Páise ó bhun na scoile a fhad le hArd Leibhéal.

10. Seirbhísí Eaglasta / Church Services Bíonn Seirbhísí lán-Ghaeilge anois ar fáil cúpla uair le linn na bliana san eaglais Chaitliceach. Bíonn Aifreann lán-Ghaeilge ann ar Lá Fhéile Pádraig agus bíonn Seirbhísí a bhaineann leis an Ghaelscoil ar siúl fosta.

11. Comharthaíocht sráide. Tá Comhairle na Maoile, amhail le cuid cheantar eile sa tuaisceart, ag cur seirbhísí comharthaíochta ilteangacha ar fáil do cheantar ar bith a ba mhian leo sráidainm bheith acu i nGaeilge (nó i dteanga eile) ar aon leis an Bhéarla.

12. Seirbhísí leabharlainne: Bíonn leabhair ar fáil i nGaeilge i Leabharlann Bhaile an Chaistil. Bíonn na Leabhair seo dírithe den chuid is mór ar an aois óg ach bíonn leabhair eile ann do dhaoine fásta, agus ar ndóigh amhail le chuile rud sa tsaoil tiocfaidh fás ar réimse ná leabhair a bheas ar fáil más amhail go mbeidh éileamh ann dóibh.

13. Eachtraí Éagsúla: Bíonn eachtraí éagsúla ó am go chéile a mbíonn an Ghaeilge le feiceáil ann bíodh sin eachtraí de chuig an CLG, eachtraí ceoil and cultúrtha. Cé nach bhfuil an Ghaeilge in úsáid den chuid is mó ach ar bhonn samhailchomharthach ag na heagraíochta seo, ach tá sé tábhachtacha le aithint go mbaineann siad úsáid aistí.