Cúige Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cúige Uladh
Flag of Ulster.svg
Ulster locator map.svg
Achar: 24,481 km²
Daonra: 2,105,666 (2011)

Is é UlaidhCúige Uladh an cúige atá suite i dtuaisceart na hÉireann, agus tá naoi gcontae ann. Tá sé chinn acu fós á riaradh mar chuid den Ríocht Aontaithe, ar a dtugtar Tuaisceart Éireann. Na trí gcinn eile, is cuid de Phoblacht na hÉireann iad. Tá 2.1 milliún daoine ina gcónaí ann.

Tabhair faoi deara go n-úsáidtear seantuiseal tabharthach an ainm "Ulaidh" sa teanga chaighdeánach i gcónaí. Is gnách "i gCúige Uladh" a rá, ar ndóigh, ach feictear an leagan "in Ultaibh" freisin.

Contaetha[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá an loch is mó in Éirinn nó sa Bhreatain, Loch nEathach, in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an tSionainn, i gContae Chabháin. Tá an lárphointe geografach an chúige gar do Chabhán an Chaorthainn, i dTír Eoghain.

An Ghaeilge i gCúige Uladh[athraigh | edit source]

Labhraítear an Ghaeilge mar ghnáthurlabhra phobail inniu i nGaeltacht Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá canúint ar leith á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé Comhaltas Uladh, an eagraíocht a dhéanann gnó Chonradh na Gaeilge sa Tuaisceart.

gluaiseacht na Gaeilge láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair Bhéal Feirste an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.

Níl a dhath fágtha de chanúintí traidisiúnta Oirthear Uladh, áfach, cé is moite d'fhoinsí scríofa, ar nós scríbhinní agus amhráin na bhfilí ón gcuid sin den chúige. Chuala an saol Gaeilge ar fad an t-amhrán Úirchill an Chreagáin, mar shampla. B'iad Ó Méith, Oileán Reachlainne agus Gleannta Aontroma na háiteanna deireanacha ansin ina labhraítí an Ghaeilge go nádúrtha. Bhí na canúintí seo cuíosach cosúil le Gaeilge na hAlban, go háirithe canúint Oileán Reachlainne.

Tá Cúige Uladh saibhir i mbéaloideas Gaeilge, agus scéalta á n-insint sa chúige nach gcloisfí ar aon nós in aon chuid eile d'Éirinn, leithéidí na gceann faoi Bhalor nó faoi na Fomhóraigh. Díol suntais é, freisin, nach bhfuil Naomh Pádraig leath chomh tábhachtach i dtraidisiún an chúige agus atá Colm Cille, éarlamh Uladh. Tá lorg an bhéaloidis seo le haithint go soiléir ar shaothar scríbhneoirí Gaeilge an chúige, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna agus a dheartháir, Seosamh Mac Grianna.

Scríbhneoirí tábhachtacha Ultacha eile iad Seán Bán Mac Meanman agus Aindrias Ó Baoill, nó "Fiach Fánach". B'iadsan, thar aon duine eile, a chuir Gaeilge Lár Thír Chonaill i míotar le haghaidh na nglúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Inniu féin, tá cainteoirí dúchais ó Chúige Uladh ag saothrú na teanga ina gcuid scríbhinní liteartha, mar shampla Cathal Ó Searcaigh agus Pádraig Ó Baoighill.