Conradh na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath.

Eagraíocht is ea é Conradh na Gaeilge (seanlitriú: Connradh na Gaedhilge) a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa 19ú haois. Is gnách dearcadh ar Dhubhghlas de hÍde mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an ngluaiseacht Gaeilge lena chuid óráidíochta faoi ath-Ghaelú na hÉireann. Bunaitheoirí tábhachtacha eile ab ea iad Eoin Mac Néill agus Eoghan Ó Gramhnaigh.

Bunú an Chonartha agus aisling Dhubhghlais de hÍde[athraigh | edit source]

Dubhghlais de hÍde.

B'é Eoin Mac Néill a chuir gairm chruinnithe ar na daoine nár chuma leo todhchaí na Gaeilge. Tháinig cruinniú bunaithe an Chonartha le chéile in uimhir a naoi, Sráid Sackville (inniu, Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath). B'é ba spreagadh d'Eoin Mac Néill féin ná an óráid a thug Dubhghlas de hÍde do Chumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac faoi "dhíghalldú" na hÉireann, ar an 16ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1891, chomh maith leis an léacht a thug sé do Chumann Náisiúnta na Litríochta ar an 25ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1892. B'í aisling de hÍde ná an tÉireannach a ath-Ghaelú le cuidiú leis cothromaíocht cheart a shaoil a fháil ar ais. Go bunúsach, bhí de hÍde den bharúil go raibh an tÉireannach ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna Shasana, agus gurb ábhar áthais dó, mar Éireannach, gach taisme nó tubaiste a d'éiríodh do Shasana. B'é tuairim de hÍde ná go mbeadh an tÉireannach ábalta dul i dteagmháil leis an Sasanach féin ar bhonn ní ba chothroime, dá mbeadh teanga dá chuid féin á labhairt aige agus nósanna dá chuid féin á gcleachtadh aige.

Eoin Mac Néill

Na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ann roimh an gConradh, ar nós Aontas na Gaeilge agus Cumann Buan-Choiméadta na Gaeilge, níor dhírigh siad ar thábhacht na Gaeilge mar theanga bheo, mar a rinne de hÍde. Chuir lucht na gcumann seo i bhfad níos mó béime ar na sean-lámhscríbhinní agus ar an tseanfhilíocht, agus iad, fiú, ag díspeagadh na teanga labhartha, nó bhí siad inbharúla go raibh sí truaillithe cibé scéal é. B'í caint na ndaoine an chloch ba mhó ar phaidrín an Chonartha ó thús báire, agus theastaigh ó bhunaitheoirí na heagraíochta gluaiseacht phobail a dhéanamh de ghluaiseacht na Gaeilge, seachas gluaiseacht an lucht léinn.

Faoi thionchar léacht de hÍde, d'fhoilsigh Eoin Mac Néill alt faoi dhrochstaid na Gaeilge ar an Irish Ecclesiastical Record. Léigh Eoghan Ó Gramhnaigh, sagart óg, an t-alt, agus chuaigh sé i dteagmháil le hEoin Mac Néill, agus in éineacht, d'fhoilsigh an bheirt seo gairm shlógtha do chairde na Gaeilge ar Irisleabhar na Gaeilge, arb í iris Aontas na Gaeilge í. Toradh díreach don achainí seo ab ea é bunú Chonradh na Gaeilge, nó Leug na Gaedhilge (is é sin, Léig na Gaeilge i litriú an lae inniu), mar a baisteadh ar an eagraíocht ar dtús.

Na daoine a bhunaigh an Conradh, daoine óga ab ea iad an chuid ba mhó acu. B'é Tomás Ó Néill Ruiséal, a raibh seacht mbliana is trí scór d'aois aige faoi seo, an duine ba sine acu.

Níor ghlac Eoghan Ó Gramhnaigh páirt sa chéad chruinniú. Le fírinne, bhí sé ag éileamh le heitinn, agus cupla bliain i ndiaidh bhunú an Chonartha, b'éigean dó dul ar imirce go California ar lorg bisigh. B'ansin a shíothlaigh sé, ach d'fhág sé téacsleabhar ina dhiaidh ar bhain glúin i ndiaidh glúine de Ghaeilgeoirí leas aisti mar áis teagaisc, Simple Lessons in Irish.

An Eagraíocht ag Forbairt[athraigh | edit source]

Ar dtús, bhítí ag lochtú an Chonartha toisc go raibh a chuid gníomhaíochtaí comhchruinnithe sa phríomhchathair amháin, ach de réir a chéile, thosaigh craobhacha ag teacht ar an bhfód ar fud na tíre. Ba mhinic a chuaigh an Conradh i dtuilleamaí na mboc mór áitiúil, má bhí siad sásta cupla focal a labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. I dtús báire, bhí na heaglaisigh sásta cuidiú agus comhoibriú leis na Conraitheoirí, ach de réir a chéile, tháinig drochamhras ar chuid acu i leith an Chonartha. Is amhlaidh go raibh na mná agus na fir ag freastal ar na ranganna céanna Gaeilge, rud nár thaitin le maoir na moráltachta ar aon nós. Le fírinne, eagraíocht cheannródaíoch ab ea é an Conradh ó thaobh chearta na mban féin de. Bhí cead ag na mná páirt a ghlacadh i saol agus i saothar an Chonartha ar aon leibhéal leis na fir, agus mar sin, mheall an eagraíocht agus an Ghaeilge ina leith an chuid ab airde oideachais de mhná na hÉireann san am.

Is léir gur chuir lucht na himirce suim sa Ghaeilgeoireacht freisin. Mar shampla, chuaigh cumann liteartha na nÉireannach i Londain sa Chonradh mar chraobh. Ball den chraobh seo ab ea é Pádraic Ó Conaire, a chuir tús le próslitríocht nua-aoiseach na Gaeilge.

Cogadh an Oideachais[athraigh | edit source]

B'é Cogadh an Oideachais an chéad mhórfheachtas a chóirigh an Conradh leis an nGaeilge a chur chun cinn. B'é an cuspóir a bhí acu ná oideachas dátheangach a chur ag obair ar scoileanna na Galltachta agus oideachas trí mheán na Gaeilge a chinntiú i scoileanna na Gaeltachta. Níor éirigh ach ar éigean leo. Is amhlaidh go raibh Robert Atkinson, Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ag cur in aghaidh an fheachtais go poiblí. Bhí seisean den bharúil nach raibh aon mhaithe i litríocht na Gaeilge, nó dúirt sé nach raibh ach trí chineál litríochta ar fáil sa teanga: páistiúil, reiligiúnda nó mígheanmnaí. Dealraíonn sé nach raibh an tOllamh ró-eolach ar an nGaeilge é féin, nó is é an rud a dúirt an tAthair Peadar Ua Laoghaire ina léirmheas ar phríomhshaothar léannta Atkinson, eagrán scolártha de Trí Bhior-ghaoithe an Bháis le Seathrún Céitinn, ná nach raibh an tOllamh ábalta an difríocht idir "is" agus "tá" a thuiscint. B'fhéidir go raibh eagla ar Atkinson roimh ghluaiseacht na Gaeilge: dá n-éireodh leis an ngluaiseacht, ní thógfadh sé mórán ama go mbeadh na scórtha Gaeilgeoirí léannta timpeall, agus iad níos líofa sa teanga ná é féin.

Pádraic Mac Piarais

Mar sin féin, níor theip a mhisneach ar de hÍde go fóill. Chuir sé gairm shlógtha ar na saineolaithe eachtrannacha a raibh ciall acu do chúrsaí an léinn Cheiltigh, idir Ghearmánach, Fhrancach, agus Bhreatnach, agus chabhraigh cuid mhaith acu leis. Mhínigh siadsan do na húdaráis an luach a bhí sa Ghaeilge don taighde agus don chultúr, beag beann ar Atkinson. Nuair a bhí an feachtas thart, sa bhliain 1901, bhí na húdaráis sásta oideachas dátheangach a thairiscint do na páistí Gaeltachta, ach fágadh an Ghaeilge gan saothrú i gcónaí i scoileanna na Galltachta.

I dtús an fheachtais seo a chuaigh Pádraic Mac Piarais sa Chonradh, agus chuir sé spéis i gceist an oideachais. Bhreac sé síos a aiste cáiliúil faoi "mheaisín an mhurdair", is é sin, polasaí aonteangach Béarla na scoileanna náisiúnta a bhí ag marú na n-iarsmaí deireanacha den Ghaeilge, dar leisean. Leis an meaisín a stopadh, bhunaigh sé scoil chónaitheach lán-Ghaeilge dá chuid féin, Scoil Éanna, i mBaile Átha Cliath.

Máirtíreacht Mhíchíl Uí Ící[athraigh | edit source]

Thosaigh an dara cogadh oideachais sa bhliain 1905, nuair a d'eisigh Conradh na Gaeilge rún, inar cáineadh aonteangachas Béarla na n-ollscoileanna. Lochtaigh an Conradh curaclam ró-Ghallda Mhaigh Nuad freisin, rud a chuir an-fhearg ar na heaspaig, nó bhí siad den bharúil nár chóir do na tuataí a ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha an tseimineáir Chaitlicigh.

Thuig na Conraitheorí nár mhór duine de chuid na hEaglaise féin a earcú leis na heaspaig a chur ar athrú comhairle. Bhí an tOllamh le Gaeilge i Maigh Nuad, Mícheál Ó hÍcí, sásta comhoibriú leo. Ag druidim chun deiridh don bhliain 1908, thosaigh sé ag cur brú ar na heaspaig le litreacha príobháideacha, agus é ag lochtú pholasaí Gallda Mhaigh Nuad go poiblí, fiú. Níor thaitin a leithéid sin leis na heaspaig, áfach. Tugadh bata agus bóthar dó as Maigh Nuad, agus fágadh ar an mblár fholamh é. Fuair sé bás i gceann cupla bliain, i ndiaidh dó laethanta deireanacha a shaoil a chur amú ag iarraidh a phost a fháil ar ais. Is féidir a rá gurbh eisean an chéad mhairtíreach a thug a shaol ar son na Gaeilge.

Timirí agus Múinteoirí Taistil[athraigh | edit source]

Ó nach raibh ag éirí go rómhaith leis na feachtais oideachais, b'é an tátal a baineadh as an scéal gur chóir do lucht an Chonartha an t-oideachas Gaeilge a sholáthar as a stuaim féin. Is féidir a rá gur eagraíocht cheannródaíoch ab ea é Conradh na Gaeilge in Éirinn, i bhfianaise an oiread oibre agus a rinneadh leis an oideachas aosach a chur chun cinn.

Bhí páirt lárnach ag na timirí agus ag na múinteoirí taistil san obair seo. Thosaigh an Conradh á n-earcú chomh fada siar leis an mbliain 1898. Bhíodh na timirí ag rothaíocht ó bhaile go baile le soiscéala na Gaeilge a chraobhscaoileadh. Labhraídís leis na boic mhóra áitiúla faoi thábhacht na teanga. D'eagraídís craobhacha nua do Chonradh na Gaeilge. Dhéanaidís bolscaireacht ar son na teanga sna nuachtáin áitiúla. Mhúinidís an cupla focal dóibh siúd a raibh a suim muscailte. Ba mhinic a fuair siad fáilte fhuar ó na sagairt agus ó na húdaráis áitiúla, agus ní raibh an náisiúnachas chomh fabhrach don Ghaeilgeoireacht agus a shílfeá. Nó má bhí fir óga na háite ar fad ag druileáil in Óglaigh na hÉireann, ní raibh am saor acu leis an nGaeilge a fhoghlaim.

Na Scoileanna Samhraidh[athraigh | edit source]

Sna blianta 1904-1912, bunaíodh fiche scoil le Gaeilge a mhúineadh do na hábhair mhúinteora. Ó tharla nach raibh scoileanna traenála ag an Stát le múinteoirí dátheangacha a oiliúint le haghaidh na Gaeltachta, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na húdaráis ach stádais oifigiúil a bhronnadh ar scoileanna samhraidh an Chonartha. Bhronn Ruairí Mac Easmainn suim mhór airgid ar an gConradh leis na scoileanna seo a mhaoiniú. Tháinig an smaoineamh ón mBreatain Bheag, áit ar hosclaíodh an chéad scoil Breatnaise den chineál seo sa bhliain 1903. Chomh maith leis na múinteoirí bunscoile, d'fhoghlaim scoláirí Ceilteacha ó na tíortha iasachta, ar nós Julius Pokorny agus Kuno Meyer, a gcuid Gaeilge sna scoileanna seo.

An Conradh agus an Pholaitíocht[athraigh | edit source]

Bhí go maith agus ní raibh go holc, go dtí gur tuigeadh do Bhráithreachas na Poblachta an leas a bhí le baint as an gConradh. Ar dtús, bhí Conradh na Gaeilge neamhpholaitiúil go hiomlán mar eagraíocht, agus Protastúnaigh is Aontachtóirí ag glacadh páirt dhíograiseach in athbheochan na Gaeilge. Ó bhí ceist neamhspleáchas na hÉireann ag éirí níos práinní in aghaidh an lae, is éadócha go bhféadfadh an Conradh fanacht slán ón bpolaitiú a bhí ag bagairt ar gach eagraíocht chultúrtha Ghaelach, go háirithe i bhfianaise an dóigh ar shealbhaigh na Fíníní Cumann Lúthchleas Gael roimhe sin.

Craobh an Chéitinnigh[athraigh | edit source]

Bhí cineál seicteachas ag baint le craobhacha áirithe den Chonradh, go háirithe Craobh an Chéitinnigh, ceann de na craobhacha a bhí ag obair sa phríomhchathair. Bhí an chraobh seo dírithe ar Ghaeilgeoirí ó Chúige Mumhan a earcú, agus bhí sé ina scéilín magaidh ag Gaeilgeoirí na linne go raibh gníomhairí rúnda de chuid Chraobh an Chéitinnigh ar síorgharda ar stáisiún na traenach ag fanacht le traein Chorcaí, chun gach duine le Gaeilge ón taobh sin den tír a fhruiliú dá gcraobh. Le fírinne, áfach, bhí an chraobh in ann dornán maith de dhaoine a mhealladh chuici a bhí le páirt thábhachtach a dhéanamh i saol na Gaeilge agus na hÉireann i ndiaidh imeacht na Sasanach. Baill den Chraobh ab ea iad Máire Ní Chinnéide, a chuir dírbheathaisnéis Pheig Sayers in eagar, agus an tAthair Pádraig Ua Duinnín, a scríobh an chéad mhórfhoclóir Gaeilge san fhichiú haois. Thairis sin, bhí ceithrear iarbhall de chuid na Craoibhe i measc na n-oifigeach ab airde in Arm an tSaorstáit nuair a bunaíodh é: Risteard Ó Maolchatha, Gearóid Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó hEigeartaigh, agus Seán Ó Muirthile.

Dream ardnósach ab ea iad na Céitinnigh seo, agus iad suite siúráilte roimh ré go mbeadh cinniúint as an ngnáth i ndán dóibh nuair a gheobhadh Éire a saoirse. Scéal eile, áfach, nach gceadódh a gcreideamh dian Caitliceach dóibh mórán mórtachais a dhéanamh le Protastúnaigh an Chonartha, daoine ar nós Seosamh Laoide (Joe Lloyd) a bhí i gceannas obair fhoilsitheoireachta na heagraíochta.

Dubhghlas de hÍde agus an Playboy of the Western World[athraigh | edit source]

John Millington Synge

Leis na Caitlicigh choimeádacha a ghiúmaráil, b'éigean do de hÍde uaireanta seasaimh a ghlacadh i gcúrsaí na polaitíochta cultúrtha nach bhfuil róchuma orthu agus iad á scrúdú le súile ár linne féin. B'é an sampla ba mhíchlúití den chineál seo ná an callán a tharraing an dráma úd Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907. Bhí an dráma ina chnámh spairne idir na hintleachtóirí liobrálacha agus na daoine a raibh dearcadh ní ba choimeádaí acu, agus b'éigean do de hÍde taobhú leis an dara dream acu, rud nár mhaith William Butler Yeats dó riamh. Bhí de hÍde ag brath ar na deontais a d'fhaigheadh sé ó na Gael-Mheiriceánaigh leis an gConradh a choinneáil ag obair, agus dearcadh coimeádach acu siúd ar chúrsaí cultúrtha na hÉireann. Bhí an dráma féin bunaithe ar na hamhráin Ghaelacha a bhí foilsithe agus aistrithe ag de hÍde féin ina dhíolaim cháiliúil The Love-Songs of Connacht, agus b'iomaí duine sa Chonradh féin a shíl go mba chóir d'Uachtarán an Chonartha an Playboy a chosaint, seachas a ionsaí. Ar chúiseanna airgid, áfach, b'éigean dó an seasamh coimeádach a roghnú. Inniu féin, is minic a dhéanann naimhde na Gaeilge tagairt do scéal an Phlayboy, agus iad ag áitiú go bhfuil an Ghaeilge agus an coimeádachas cultúrtha pósta ceangailte go doscartha.

Frithdhúnadh na Bliana 1913[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1913, bhí Baile Átha Cliath ar bharr lasrach, agus an cogadh idir an lucht oibre agus na fostóirí faoi lán an tseoil. Chuir na fostóirí frithdhúnadh i bhfeidhm leis na ceardchumainn a throid, agus iad ag tarraingt isteach sáraitheoirí stailce ó Shasana leis an obair a dhéanamh os comhair shúile an lucht oibre áitiúil. Ós rud é go raibh teaghlaigh na n-oibrithe Éireannacha ag fulaingt go mór mór le hocras faoi na himthoscaí seo, bhí an lucht oibre ar coipeadh le fearg agus le héadóchas. Bhí an chathair ar fad ina cíor thuathail, nuair a bhí an lucht oibre áitiúil ag iarraidh na sáraitheoirí stailce a imeaglú, agus na péas ag gabháil de smachtíní orthu. B'iad Séamas Ó Conghaile agus Séamas Mór Ó Lorcáin ceannairí an lucht oibre le linn na dtrioblóidí seo.

Daoine socúlacha meánaicmeacha ab ea iad tromlach na gConraitheoirí i ndiaidh an iomláin, agus ba leasc leo taobhú leis an lucht oibre sa choimhlint seo, go háirithe ó bhí an Eaglais Chaitliceach go tréan ag cosaint na bhfostóirí agus ag lochtú na n-oibrithe. Dá dheasca sin, is iomaí Gaeilgeoir de phór íseal a fuair é féin idir dhá thine Bhealtaine ag iarraidh dhá thrá na Gaeilge agus an tSóisialachais a fhreastal, ó bhí an chuma ag teacht ar an scéal nach bhféadfá an dá chuid a roghnú. B'ansin a chaill Seán Ó Cathasaigh, an drámadóir, a shuim sa náisiúnachas Éireannach agus sa Ghaeilge araon, agus an mealladh a bhain imeachtaí an fhrithdhúnta as. Bhí Cathal Brugha, cathaoirleach Chraobh an Chéitinnigh, go tréan in aghaidh an lucht oibre, mar shampla. Dealraíonn sé gurbh é Pádraig Mac Piarais an t-aon Chonraitheoir mór le rá a bhí sásta tacú leis an lucht oibre. Bhí aithne phearsanta aige ar Shéamas Ó Conghaile cheana féin, agus clann Uí Lorcáin ag dul ar Scoil Éanna.

Insíothlú na bhFíníní[athraigh | edit source]

Tomás Ó Cléirigh

Faoin am ar thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, chuaigh insíothlú na bhFíníní i dtreise sa Chonradh. B'é Tomás Ó Cléirigh a bhí i gceannas ar an ngníomhaíocht seo. Thuig sé an poitéinseal a bhí sa Chonradh do ghluaiseacht na Poblachta, agus d'fhéach sé chuige gurbh iad lucht a leanúna féin a shealbhódh an eagraíocht. Ní raibh mórán céille aige don Ghaeilge féin riamh. Sa bhliain 1915, nuair a tháinig lucht an Chonartha le chéile ag Ard-Fheis Dhún Dealgan, vótáladh iarrthóirí na bhFíníní isteach ar choiste gnó an Chonartha, ionas gur fágadh an eagraíocht faoina smacht. Ag an gcruinniú céanna, d'iompaigh siad an Conradh ina eagraíocht náisiúnaíoch trí rialacha na heagraíochta a athrú, ionas go raibh ruaigeadh na nGall as Éirinn mar chuspóir oifigiúil ag an gConradh feasta.

Ní raibh de hÍde sásta leis an gcuma a tháinig ar na cúrsaí. Bhí sé riamh den tuairim gur chóir an pholaitíocht a choinneáil scartha ó obair an Chonartha, agus é cinnte go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge in inmhe gach aon rud cothrom a rithfeadh léi a chur i gcrích, ar acht is go bhfanfadh sí slán ón bpolaitíocht. Mar sin, níor fágadh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as mar chathaoirleach. Ní raibh na Protastúnaigh ná na hAontachtóirí sásta fanacht ansin ach an oiread. Ina measc siúd a thréig an Conradh i ndiaidh na hArd-Fheise seo, bhí Seosamh Laoide (Joe Lloyd), a bhí i mbun na foilsitheoireachta sa Chonradh.

Ina dhiaidh sin, is féidir a rá go raibh an Conradh ag déanamh neamhshuime ar fad dá aidhm oifigiúil, nó chuaigh an náisiúnachas agus an ghleic armtha ar son shaoirse na hÉireann in áit na Gaeilge ar fad. Ghlac cuid mhaith de cheannairí agus de ghnáthbhallra na heagraíochta páirt in Éirí Amach na Cásca, agus mura bhfuair siad bás i bpáirc an áir nó os comhair fhoireann na mbásadóirí i bPríosún Chill Mhaighneáin, chaith siad tamall fada i bhFrongoch.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha anois: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".

Ré na nDúchrónach agus an Náisiúnachais[athraigh | edit source]

I Mí na Nollag 1918, ghnóthaigh Sinn Féin an toghchán agus bhunaigh siad Dáil Éireann mar mhalairt ar an Westminster. An rialtas a fuair na cumhachtaí ón Dáil in Aibreán 1919, is ar éigean a bhí aon duine air nach raibh ina shean-Chonraitheoir. Is féidir a rá go raibh saol polaitiúil na tíre á chasadh timpeall Chonradh na Gaeilge san am sin. Baineadh úsáid áirithe as an nGaeilge mar chuid de nós imeachta na chéad Dála, ach b'é an Béarla ba mhó a chualathas le linn na diospóireachta.

Ar an lá céanna ar tháinig an Dáil le chéile an chéad uair, thosaigh Cogadh na Saoirse, nuair a mharaigh dornán d'Óglaigh beirt saighdiúirí dubha ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann. Bhí cuid mhaith Conraitheoirí i measc na nÓglach a rinne an obair, agus seantimire de chuid an Chonartha i gceannas orthu.

B'é Seán Ua Ceallaigh, "Sceilg", a toghadh mar Uachtarán ar an 5 Lúnasa 1919. Sa bhliain sin, b'i gcathair Chorcaí a tháinig an Ard-Fheis le chéile, agus mar sin, ba toscairí ó Chúige Mumhan iad an chuid ba mhó dá raibh i láthair, ós rud é go raibh sé dainséarach an tír a thaisteal agus an cineál ama a bhí ann. Bhí an Ard-Fheis breá sásta go raibh Dáil Éireann tar éis stádas oifigiúil a bhronnadh ar an teanga in Éirinn, ach san am céanna, bhí go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre ar nós cuma liom nó fiú diúltach i leith na Gaeilge. Bhí dearcadh na hEaglaise Caitlicí ina ábhar míshástachta, chomh maith leis an lucht gnó, ó bhí drogall orthu teanga "mharbh neamhthrádálach" cosúil leis an nGaeilge a úsáid.

Sa bhliain 1919 a thosaigh lucht rialtais Shasana troid a chur ar an gConradh i ndáiríre. Coisceadh Fáinne an Lae, iris an Chonartha, ar an 20 Meán Fómhair 1919, ach tháinig an iris nua, Misneach, ina leaba i Mí na Samhna. Bhí sé deacair, áfach, iris ar bith a scaipeadh, ós rud é go raibh an tír ina cíor thuathail ag an gcogadh. San am céanna, mar atá, an 25 Samhain 1919, d'fhógair rialtas Shasana go hoifigiúil gur eagraíocht antoisceach Náisiúnaíoch ab ea é an Conradh, agus go raibh an stát lena chur de dhroim an tsaoil.

Nuair a tháinig na Dúchrónaigh go hÉirinn an bhliain a bhí chugainn, chuir siad troid fhíochmhar ar an nGaeilge mar rud. Chuir siad tithe agus maoin eile de chuid an Chonartha trí thine, bhain siad anuas comharthaí Gaeilge aon áit a bhfaca siad a leithéidí, agus d'ionsaigh siad aon duine a chuala siad ag caint Gaeilge. Ní raibh de thoradh ar na hiarrachtaí seo ach amháin gur tharraing siad tuilleadh daoine i dtreo na Gaeilge agus na Gaeilgeoireachta.

Le teacht an tsosa chogaidh, bhí áthas ar go leor Gaeilgeoirí, ós rud é gur Conraitheoirí gníomhacha a bheadh i gceannas ar an tír feasta. Shíl siad go mbeadh an Ghaeilge slán sábháilte anois, agus gur dhual di an ceann ab fhearr a fháil ar an mBéarla.

An Eagraíocht Reatha[athraigh | edit source]

Eagraíocht stocaireachta agus feasachta atá ann.

Comhaltas Uladh[athraigh | edit source]

I ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann, bhunaigh Gaeilgeoirí an Tuaiscirt eagraíocht leath neamhspleách dá gcuid féin, mar atá, Comhaltas Uladh. Go hoifigiúil, is cuid den Chonradh é, cé gur féidir a rá go bhfuil polasaí agus próifíl dá chuid féin aige. Tháinig an Comhaltas ar an bhfód sa bhliain 1926, agus sagairt Chaitliceacha ab ea iad an chuid ba mhó de na bunaitheoirí. Sna blianta tosaigh, bhí an Comhaltas á stiúradh ag an Athair Lorcán Ó Muirí, náisiúnaí dian dásachtach, a chríochnaigh a staidéar diagachta i Minnesota, i ndiaidh dó bata agus bóthar a fháil ó Mhaigh Nuad toisc go raibh sé róghníomhach sna heagraíochtaí náisiúnaíocha.

Fágadh Cúige Uladh go léir, seachas Tuaisceart na hÉireann amháin, faoin gComhaltas, agus d'áirigh an tAthair Ó Muirí Contae Lú mar chuid de Chúige Uladh. B'as Lú dó féin, ach ón taobh eile de, an beagán Gaeilge a bhí á labhairt i Lú i dtosach na fichiú haoise, is follasach gur ceann de na canúintí Ultacha a bhí ann.

Bhí dearcadh an-chúigiúil ag an Athair Ó Muirí ar cheisteanna canúna, agus é ag cur béime ar thábhacht chanúint Chúige Uladh in obair an Chomhaltais. Sa bhliain 1935, ruaig an tAthair craobh i nDún Dealgan a bhí ag cleachtadh chanúint na Mumhan.

Ar feadh breis agus caoga bliain, leis an fhírinne a dhéanamh, ba é Comhaltas Uladh an t-aon eagraíocht sna Sé Chontae a bhí ag cosaint na Gaeilge. Bhí easpa iomlán tacaíochta ag an teanga ó rialtas a bhí go hiomlán naimhdeach don teanga. Is é Niall Comer, de bhunadh an Iúir ó dhúchas, agus atá ina léachtóir ollscoile i gColáiste Mhig Aoidh, Doire, atá ina uachtarán reatha ar an Chomhaltas.

Oireachtas na Gaeilge[athraigh | edit source]

Eagraíonn Conradh na Gaeilge an tOireachtas, féile a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis an Oireachtas sa bhliain 1897, nuair a cóiríodh an chéad fhéile sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Féile aon lae a bhí ann san am. Inniu, maireann an fhéile deich lá ar fad, ach tá sí scoilte ina dhá leath, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna. Baineann an tOireachtas le beagnach gach gné den chultúr dúchais – amhránaíocht ar an sean-nós, amhránaíocht aonair, cóir, ceol traidisiúnta, rince, scéalaíocht, agallaimh bheirte agus litríocht na Gaeilge.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Naisc - Craobhacha in Éirínn[athraigh | edit source]

Naisc - Craobhacha idirnáisiúnta[athraigh | edit source]