Pádraic Ó Conaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pádraic Ó Conaire
Pádraic Ó Conaire.gif
Dáta breithe 20 Feabhra, 1882
  Contae na Gaillimhe
Dáta báis 6 Deireadh Fómhair, 1928
  Baile Átha Cliath
Ainm cleite Ceann ar bith
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Úrscéalaí, gearrscéalaí, scríbhneoir aistí, múinteoir
Seánra Ficsean, béaloideas, saol na nGael thar sáile
Céile Molly Ní Mhanais

Scríbhneoir Éireannach ab ea Pádraic Ó Conaire (20 Feabhra 1882 - 6 Deireadh Fómhair 1928) a chum gearrscéalta agus aistí faoi shaol an imircigh Ghaelaigh i Sasana timpeall tús an 20ú haois. Bhí sé gníomhach, freisin, san iriseoireacht, rud a raibh an-bheagán di le fáil as Gaeilge ag an am.

Uaireanta, tugtar "Sean-Phádraic Ó Conaire" air le hé a aithint thar Phádhraic Óg Ó Conaire. Bhí Pádhraic Óg ag scríobh úrscéalta éadroma faoi shaol na tuaithe i gConamara.

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i nGaillimh sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháir aige, Isaac agus Michael. Tar éis teip a ghnó sa chathair, chuaigh a athair ar eisimirce go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus cailleadh é ann go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus mar thoradh bhí ar na dílleachtaí óga dul chun chónaí lena n-uncail Patrick Conroy i Ros Muc. D'fhreastail Pádraic ar an scoil i dTurlach Beag, sular bhog sé ar aghaidh go dtí Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus Coláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath (áit ina raibh Éamon de Valera ina aon rang leis).

Bhog sé go Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach i Bord Oideachais na tíre seo, agus chuir sé suim mhór i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.

Cé go raibh post aige sa Bhreatain, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid ar a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna Gaeltachtaí anois is arís.

Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr diftéire. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann.

Cailleadh é sna fichidí nuair nach raibh aige ach caoga bliain. Fuair sé bás i Mí Dheireadh Fómhair 1928, agus é ar chuairt ar phríomhoifig Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bhí dealbh ina chuimhne sa bhFaiche Mór i nGaillimh ach aistríodh é go gairdín Chomhairle na Cathrach agus is ansin atá sé faoi láthair. Nuair a bheidh an t-athchóiriú atá á dhéanamh ar an bhFaiche Mhór curtha i gcrích, tá sé i gceist macasamhail den dealbh a chur ar ais ann.

Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh.

Saothair[athraigh | edit source]

Scríobh sé dhá úrscéal, Deoraíocht agus Fearfeasa Mac Feasa, chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de na gearrscéalta seo ar fáil sa leabhar Scothscéalta atá ar an siollabas Ardteiste in Éirinn le fada an lá.

  • An Scoláire Bocht, agus scéalta eile, 1904/1913
  • Nora Mharcais Bhig, 1906
  • Deoraíocht, 1910
  • Scothscéalta, 1956
  • An Chéad Chloch, 1914
  • Seacht mBua an Éirí Amach, 1918
  • An Crann Géagach, 1919
  • Tír na n Íontais, 1919
  • Béal an Uaignis, 1921
  • Siol Éabha, 1921
  • An Chinniúint, 1924
  • Eachtraí Móra ón ár Stair, 1924
  • Trí Truaighe na Scealaíochta, 1924
  • Mór thimpeall na hÉireann, ar muir, 1925
  • Fearfeasa Mac Feasa, 1930
  • Brian Óg
  • Beagnach Fíor
  • Cubhair na dTonn
  • Scéalta an tSáirsint Rua
  • Seoigheach an Ghleanna
  • M'asal Beag Dubh

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]