An Claidheamh Soluis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Claidheamh Soluis
Clúdach (eagrán ó 1903)
Teanga
Gaeilge agus Béarla
Cineál
Nuachtán náisiúnach
Formáid
Mórbhileog
Bunaithe
1899
Dílseánach
Conradh na Gaeilge
Eagarthóir
Eoin Mac Néill (1899-1901), Pádraig Mac Piarais (1903-1909), srl.

Páipéir nuachtán náisiúnach Gaeilge í An Claidheamh Soluis a bhí ann ag tús an fichiú haois.

Eagarthóirí[athraigh | edit source]

Bhunaigh Conradh na Gaeilge an nuachtán sa bhliain 1899 agus ba é Eoin Mac Néill an chéad eagarthóir, ó 1899 go 1901. Bhí Pádraig Mac Piarais mar eagarthóir ar an nuachtán ó 1903 go 1909.

Ainm[athraigh | edit source]

Nuair a tháinig an nuachtán seachtainiúil Fáinne an Lae faoi smacht an Chonartha i mí Lúnasa 1900, tháinig na nuachtáin le chéile mar An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Lean an nuachtán ar aghaidh mar Fáinne an Lae agus an Claidheamh Soluis (1918–19) Misneach (Samhain 1919 - Iúil 1922) Fáinne an Lae agus an Claidheamh Soluis (1922–26), agus An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae (Iúil 1926 - Bealtaine 1932).[1] Tháinig deireadh leis an nuachtán sa bhliain 1932.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Celtic culture (leathanach 451), le John T. Koch

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]