Éirí Amach na Cásca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éirí Amach na Cásca
Éirí Amach na Cásca

Forógra na Poblachta, Aibreán 1916

Dáta: 24 Aibreán - 30 Aibreán, 1916
Áit: Baile Átha Cliath (le "scirmisí" i gCill Dhéagláin, agus i gContae na Gaillimhe, Loch Garman, agus )
Toradh: Géilleadh na réabhlóidí. Cuireadh na gceannairí chun báis.
Céilí comhraic
Fórsaí reibiliúnach Éireannach:
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann
Ceannasaithe
Pádraig Mac Piarais
Séamus Ó Conghaile
Tomás Ó Cléirigh
Seán Mac Diarmada
Seosamh Pluincéad
Éamonn Ceannt
Tomás Mac Donnchadha
Briogáidire-ginearál Lowe
Ginearál John Maxwell
Slua
1,250 (i mBÁC) ~16,000 (ag deireadh na seachtaine)
Taismigh
Básanna: 82
Gortaithe: 1,617
Cuireadh chun báis: 16
Básanna: 157
Gortaithe: 318
(Sibhialtaigh- Básanna: 220. Gortaithe: 600)

Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca (nó Éirí Amach 1916, nó Aiséirí na Cásca) ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor ghlac ach tuairim is míle duine páirt san Éirí Amach, idir fhir agus mhná. Tháinig ceithre chéad duine le chéile le haghaidh an éirí amach in oirthear na Gaillimhe.

Léigh ceannaire an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais, amach Forógra na Poblachta ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm Poblacht neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair. Agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, HMS Helga, ar an Life, cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann. B'é an iarracht ba threise é ó Bhliain na bhFrancach chun na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn.

Ní raibh tacaíocht an phobail ag na hÓglaigh ar dtús. Nuair a bhí na saighdiúirí dearga ag seoladh na nÓglach go dtí an príosún, chonacthas cosmhuintir Bhaile Átha Cliath ag caitheamh anuas orthu agus á milleánú faoin léirscrios a rinneadh ar an gcathair le linn na gcathanna sráide.

Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na Bealtaine sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin.

Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain Sinn Féin, an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana 1918. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i bparlaimint Westminster, tháinig siad sin le chéile chun Dáil Éireann a bhunú agus an Phoblacht a bhí fógartha le linn an Éirí Amach a athbheochan. B'é sin a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn, agus na Sasanaigh ag iarraidh an Dáil a chloí arís.

An tÉirí Amach ar na Bacáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur baill d'Óglaigh na hÉireann a bhí ag troid, b'é Bráithreachas na Poblachta (IRB) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le hÉirinn.

Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, Tomás Ó Cléirigh, Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, agus Seosamh Pluincéad a chuaigh ar an gCoiste ar dtús.Ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus Seán Mac Diarmada leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, Óglaigh a bhí iontu fosta.

Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain 1913, bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le Poblachtánachas na láimhe láidre. I ngan fhios d’Eoin Mac Néill, shocraígh an IRB go n-éireoidh siad amach ar Dhomhnach Cásca.[1]

Ní raibh Eoin Mac Néill, ceannaire na nÓglach, ar aon tuairim leo siúd, áfach. B'fhearr leisean staonadh ón reibiliún go dtí go mbeadh an cogadh críochnaithe, agus ansin, úsáid a bhaint as na hÓglaigh le brú a chur ar na Sasanaigh. Mar sin féin, bhí an Bráithreachas meáite ar é a chur ar mhalairt comhairle, sin nó droichead a dhéanamh de ar fad agus an t-éirí amach a thosú beag beann air. Níor éirigh go maith leo ceachtar den dá chomhairle sin a chur i gcrích. De thaisme, bhí Séamus Ó Conghaile, an ceannaire Sóisialach, ag bagairt éirí amach dá chuid féin faoin am seo. Bhí sé i gceannas ar an Arm Cathartha, dream armtha na gceardchumannaithe agus na Sóisialaithe, nach raibh ach dhá chéad duine ann. Ní neart go cur le chéile, a shíl an Bráithreachas - b'fhearr an dá iarracht seo a chomhordú, nó dá rachadh an tArm Cathartha chun ceannairce ina aonar, ní dhéanfadh sé ach iarracht na nÓglach féin a chur ó mhaith, agus na díormaí Sasanacha a tharraingeodh sé go dtí an chathair. Mar sin, shocraigh ceannairí an Bhráithreachais agus an Conghaileach le chéile go raibh siad le comhoibriú, agus go raibh an t-éirí amach le tosú ar an gCáisc.

I dtús Mhí Aibreáin, d'eisigh an Piarsach orduithe faoi "pharáidí" agus faoi "inlíochtaí" ar fud trí lá ó Dhomhnach na Cásca ar aghaidh. Ó bhí sé ina Stiúrthóir ar eagraíocht na nÓglach, bhí údarás aige a leithéid d'orduithe a thabhairt. Is é an smaoineamh a bhí aige ná go n-aithneodh na Poblachtánaigh láidre, go háirithe lucht an Bhráithreachais, i measc na nÓglach céard a bheadh i gceist leis na "paráidí", agus nach rithfeadh a dhath le hEoin Mac Néill ná leis na Sasanaigh.

Mar sin féin, fuair Mac Mhic Néill boladh den rud a bhí sna fonsaí tógála, agus bhagair sé ar lucht leanúna an Phiarsaigh "gach aon rud ab fhéidir a dhéanamh, ach amháin glao gutháin a chur ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, leis an scéim a stopadh".

D'éirigh le Seán Mac Diarmada, ar dtús, malairt chomhairle a áitiú air, agus é ag tagairt don lastas armálacha a bhí ag teacht ón nGearmáin le Ruairí Mac Easmainn. An lá arna mhárach, áfach, chrom Mac Mhic Néill ar ais ar a sheandearcadh diúltach, nó chuala sé gur tháinig na Sasanaigh ar long na n-armálacha agus gur ghabh siad an tEasmannach.

Le tacaíocht ó cheannairí eile a bhí ar aon tuairim leis, go háirithe Bulmer Hobson agus Mícheál Seosamh Ó Rathaille, d'eisigh sé frithordú leis an éirí amach a chur ar ceal. D'fhógair sé "nach mbeadh paráid ar bith" ar Dhomhnach na Cásca, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ní dhearna sin ach moill lae a chur ar an gceannairce.

An tÉirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé pleanáilte ag Séamas Ó Conghaile agus ag Seosamh Pluincéad beag beann ar a chéile foirgnimh in áiteanna straitéiseacha a shealbhú thall is abhus i mBaile Átha Cliath le daingean a dhéanamh den chathair in éadan ionsaí na saighdiúirí dearga. Dá mbeadh an t-ádh leis na reibiliúnaigh, bheidís i seilbh limistéar inchosanta de lár na cathrach, agus é teorannaithe ag na canálacha agus ag na sráideanna ciorclacha. B'é oighear an scéil, áfach, nach raibh a ndóthain Óglach ann le sin a dhéanamh. Mar sin, fágadh Caisleán Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide mar dhúnfoirt ag na Sasanaigh, agus na hÓglaigh scartha ó chéile ag na dúnfoirt seo. Mar sin, bhí na Sasanaigh ábalta na hÓglaigh a chloí de réir a chéile, díorma i ndiaidh díorma.

Tógadh bratach na Ríochta Aontaithe anuas agus cuireadh bratach na Poblachta ina háit.

Bhí ceithre chathlán sa rannán a bhí ag na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, agus gach cathlán acu faoi cheannas ceannfoirt a bhí dílis do Bhráithreachas na Poblachta. Cuireadh cathlán breise i dtoll le chéile as fir a fuarthas ar iasacht ó na cinn eile. B'é seo an cathlán a cuireadh i gceann Ardoifig an Phoist, agus na ceannairí uile ag dul leis: Pádraic Mac Piarais, a bhí ina Uachtarán agus ina Phríomh-Cheannfort; Séamus Ó Conghaile; Tomás Ó Cléirigh; Seán Mac Diarmada; Seosamh Pluincéad; agus captaen óg darbh ainm Mícheál Ó Coileáin. Idir an dá linn, ghabh an Chéad Chathlán foirgneamh na gCeithre gCúirteanna agus iarthuaisceart na cathrach faoi chomandracht Éamoinn Uí Dhálaigh. Chuaigh Tomás Mac Donncha agus an Dara Cathlán ag sealbhú monarcha brioscaí Jacob ó dheas ó lár na cathrach. Bhí Éamon de Valera i gceannas ar an Tríú Cathlán a ghabh Muileann Uí Bheolain. Bhí Éamonn Ceannt i gceannas ar an gCeathrú Cathlán, agus fuair siad seilbh ar Aonacht Átha Cliath Theas, teach oibre in iardheisceart na cathrach. B'é an tArm Cathartha a ghabh Faiche Stiabhna agus Halla na Cathrach. Ó chuir an gabháltas seo an dlí agus an tsíocháin ar ceal, chuaigh na bochtáin ag creachadh na siopaí. D'ordaigh oifigeach amháin dá chuid Óglach urchair a scaoileadh leis na foghlaithe seo, ach ní raibh an Conghaileach, mar Shóisialaí, sásta leis seo, agus thug sé frithordú do na fir.

Ós rud é go raibh sé éirithe le Mac Mhic Néill an t-éirí amach a stopadh taobh amuigh den phríomhchathair, fágadh ardcheannasaíocht na reibiliúnach i bpáirc an áir faoin gConghaileach, a raibh sé de chlú air go raibh ciall mhaith aige don oirbheartaíocht. Goineadh go héag é, ach ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann an cath a stiúradh is a dhíriú, agus a chuid fear á bhogadh ó áit go háit ina luí sa leaba dó. Mar ba dual don tSóisialaí, shíl sé nach mbeadh rialtas caipitlíoch Shasana fonnmhar maoin saolta dá gcuid féin a léirscrios le gunnaí móra airtléire, ach faraor géar, ní raibh an ceart aige ná geall leis.

Ar dtús, bhí ceannfort na bhfórsaí Sasanacha sa phríomhchathair, an Ginearál Lowe, bhí sé mall go leor ag teacht chuige féin, nó ní raibh aige féin ach míle agus dhá chéad fear sa chathair - is é sin, fear amháin in aghaidh gach Óglach - agus ní raibh sé cinnte, cé mhéad reibiliúnach a bhí ann. D'fhógair sé dlí an chogaidh, agus chrom a chuid fórsaí ar shúil a choinneáil ar na bealaí isteach go dtí Caisleán Átha Cliath agus ceanncheathrú na reibiliúnach in Ardoifig an Phoist a scaradh ó na hÓglaigh eile. Tháinig an bád gunnaí móra, HMS Helga, chun fortachta, agus fuarthas airtléire machaire ó gharastún Átha Luain. Suíodh na gunnaí móra ar an taobh ó thuaidh den chathair ag Sráid na Prúise, Baile Phib agus Bóthar na Cabraí. An chuid ba mhó den tseachtain, bhí na gunnaí seo ag lámhach lár na cathrach, agus chuaigh cuid nár bheag de trí thine. Bhí Halla na Saoirse ar an chéad fhoirgneamh a bhí thíos leis, ach siúd is go raibh an foirgneamh seo ina cheanncheathrú ag na ceardchumainn agus ag an Arm Cathartha, bhí sé tréigthe ag na reibiliúnaigh roimh an éirí amach, agus ní raibh ciall ná réasún le bheith á lámhach. Spéisiúil go leor, b'éigean don bhád gunnaí móra Helga éirí as an lámhach, ó bhí a cuid urchar ag bagairt Lóiste an Leasrí i bPáirc an Fhionnuisce.

Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de shaighdiúirí dubha ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo.

Sráid Sackville, mar a thugtaí ar Shráid Uí Chonaill tar éis an Éirí Amach

Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an gCanáil Mhór. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó Dhún Laoghaire. Rinne na Sherwood Foresters, reisimint de chuid Arm na Breataine, iarracht an Chanáil a thrasnú ag Sráid an Mhóta, ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre (Aonacht Átha Cliath Theas), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh Cathal Brugha go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith sliogán. Maidir le Faiche Stiabhna, d'fhág na reibiliúnaigh í, nuair nach raibh siad ábalta í a choinneáil a thuilleadh, agus na Sasanaigh ag cur snípéirí agus meaisín-ghunnadóirí ag obair sa chomharsanacht. Chúlaigh lucht cosanta Fhaiche Stiabhna - saighdiúirí de chuid an Airm Chathartha a bhí ann - faoi chomandracht Mhíchíl Uí Mhulláin go Coláiste Ríoga na Máinlianna, áit ar fhan siad go dtí gur ghéill siad iad féin do na Sasanaigh. Is beag a tharla in Ardoifig an Phoist le linn an éirí amach. Ar dtús, léigh an Piarsach Forógra na Poblachta os ard do na daoine ó staighrí oifig an phoist, agus ansin, dhaingnigh seisean agus a chuid fear iad féin san fhoirgneamh. Ó nach raibh siad in ann an chith sliogán a fhreagairt ar aon dóigh éifeachtúil, thréig siad Ardoifig an Phoist agus bhunaigh siad ceanncheathrú nua i Sráid Moore. Ar an naoú lá fichead de Mhí Aibreáin, arbh é an chéad Satharn i ndiaidh na Cásca é, thug an Piarsach ordú do na hÓglaigh éirí as an gcogaíocht agus iad féin a ghéilleadh do na Gaill.

Fuath ba mhó a bhí ag an gcosmhuintir ar na reibiliúnaigh le linn an Éirí Amach. B'iad na hÓglaigh ba mhó a bhí á milleánú ag muintir na háite sa léirscrios a rinneadh ar an gcathair, gan trácht a dhéanamh ar na céadta sibhialtach a fuair bás idir dhá thine Bealtaine. Básaíodh míle dhá chéad duine. Fuair ceathrar Óglach is trí scór bás sna cathanna, agus cuireadh seisear déag eile chun báis i bPríosún Chill Mhaighneáin i ndiaidh an éirí amach. Maraíodh céad is dhá scór saighdiúir Sasanach, agus goineadh trí chéad ochtar déag acu. Maidir le Constáblacht Ríoga na hÉireann agus póilíní na cathrach, fuair seachtar déag acu bás. B'é Mícheál Seosamh Ó Rathaille an t-aon cheannaire amháin de chuid na nÓglach a bhásaigh i bpáirc an áir.

Gabhadh trí mhíle ceithre chéad tríocha duine mar amhrasánaigh, agus cuireadh na ceannairí chun báis, go háirithe iad siúd a shínigh an Forógra. Bhí an Conghaileach gonta go héag cheana féin, agus é ag fulaingt go mór leis an dóigh a raibh an ghoimh ag dul chun donais. Ní raibh sé in ann seasamh suas, agus lámhachadh ina shuí é. Bhí go leor údarás áitiúil agus nuachtán, go háirithe an tIrish Independent ag éileamh tuilleadh básuithe den chineál chéanna. Nuair a bhí an tÉirí Amach thart, bhí míle ceithre chéad agus ocht scór duine i mbraighdeanas ag na Sasanaigh, agus nuair a tugadh go dtí an Bhreatain Bheag iad, bhí gnáthmhuintir na príomhchathrach ag caitheamh seileoige orthu le teann dímheasa.

Na hImeachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leacht cuimhneacháin Éirí Amach na Cásca ar Dhroichead an tSairséalaigh, Luimneach sa bhliain 2003. Cuireadh suas é ar shuíomh dhealbh na Ríona Victoria a pléascadh suas i ndiaidh Chogadh na Saoirse.

Ina lán áiteanna, tháinig díormaí d'Óglaigh amach le páirt a ghlacadh san éirí amach, ach má tháinig, d'fhill siad abhaile nuair a fuair siad amach faoin rud a bhí ordaithe ag Eoin Mac Néill. Slógadh complachtaí iomlána i gContae Thír Eoghain agus céad tríocha is beirt fhear i mBóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bhí Liam Ó Maoilíosa i gceannas ar thrúpa a thug ionsaí mírathúil faoi stáisiún na bpéas i nGaillimh. Mharaigh Seán Mac an tSaoi agus a chuid Óglach ó Chontae Lú péas agus séiléir. I gContae Loch Garman, shealbhaigh na hÓglaigh Inis Córthaidh de ghrá an tsiombaileachais go ceann cúpla lá, sular ghéill siad iad féin do na Sasanaigh. Mar sin, ní éirí amach a bhí ann ach athchruthú na n-imeachtaí i mBliain na bhFrancach. Chruinnigh míle Óglach le chéile i gCorcaigh ar Dhomhnach na Cásca, ach ansin, chuala siad an t-ordú a tháinig ó Eoin Mac Néill agus scaip siad arís. Níor cuireadh cath ceart ach i gCill Dhéagláin. Ansin, mharaigh na hÓglaigh ochtar péas agus ghoin siad cúigear déag eile.

Éirí Amach na Cásca i nGaillimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chuid d'Éirí Amach chuaigh suas le 600 duine chun dualgais i gceantair Órán Mór, Ghoirt Inse Guaire agus Bhaile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe ar Aibreán 25, 1916 agus ar na laethanta dár gcionn. Ba bhocht an traenáil agus an t-armas a bhí orthu, ach ba é an t-aon iarracht cumasach d'aon tsórt a déanadh san éirí amach lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Mark VI Webley, ceann de na gunnaí a d’úsáideadh Óglaigh na hÉireann

Sinn Féin á Insíothlú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig athrú mór ar dhearcadh an phobail i leith na gceannairceoirí, nuair a cuireadh na cinnirí chun báis. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag formhór mór na nÉireannach orthu gur lucht tarraingthe achrainn a bhí iontu nach raibh ach ag déanamh dochair do chás na hÉireann. Na cimí a scaoileadh saor sa deireadh, thosaigh siad ag atheagrú agus ag athfhruiliú fórsaí Poblachtacha, agus fuair Sinn Féin tolgadh an deargnáisiúnachais uathu. Íorónta go leor, ní raibh Sinn Féin ag an am sin leath chomh radacach agus a shíl na Gaill. A mhalairt ar fad, bhí an páirtí sásta glacadh leis an monarcacht féin, agus níor ghlac sé páirt ar bith san Éirí Amach, mar pháirtí, cibé céard a chuir na nuachtáin Shasanacha ina leith. Na cinnirí náisiúnaíocha a tháinig slán as an Éirí Amach, d'insíothlaigh siad Sinn Féin agus chuir siad ruaigeadh ar an dream monarcach a bhí ina measc siúd i gceannas ar an bpáirtí roimhe sin. Ba é Art Ó Gríofa an páirtí é a bhunaigh, sa bhliain 1905.

Inniu féin, is minic a chuirtear an cheist, cén cineál cor a chuirfeadh na Sasanaigh i gcinniúint na hÉireann, dá staonfaidís ó chinnirí an Éirí Amach a chur chun báis in Earrach na bliana 1916.

Olltoghchán na Bliana 1918[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Sinn Féin amach formhór mór na suíochán in Olltoghcháin na bliana 1918, i Mí na Nollag. Ansin, tháinig an chuid ba mhó d'Fheisirí Shinn Féin le chéile i mBaile Átha Cliath, agus d'fhógair siad Éire ina Poblacht arís, ar an t-aonú lá fichead den bhliain 1919. In alt na huaire seo bhí Éamon de Valera i gcarcair i bpríosún Lincoln agus níorbh é ina shaoradh go dtí Mí Fheabhra. Tháinig sé slán as an Éirí Amach de thaisme, nó ós rud é gur chaith sé blianta a chéad óige sna Stáit Aontaithe, bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ina shaoránach Meiriceánach, rud a chiallódh nach bhféadfaí é a bhású mar sin. Nuair a chinn na húdaráis ar é a chur chun báis i ndiaidh an iomláin, bhí deireadh tagtha leis na básuithe ar fad cheana féin. Toghadh é mar Uachtarán (Príomh-Aire) ar an 1 Aibreán 1919.

Oidhreacht an Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leac chuimhneacháin in Ard-Oifig an Phoist.

Iad siúd a cháineann an tÉirí Amach, fuair siad locht ar na ceannairí, toisc go raibh a fhios acu, nó ag cuid acu ar a laghad, nach raibh seans ar bith acu an báire a ghnóthú. Is é an chiall a bhain siad as an Éirí Amach nach raibh ann ach siabhrán rómánsúil de chuid an Phiarsaigh. Cé gur chuir an tÉirí Amach an chéad síol le Poblacht na hÉireann, ní raibh aon mhaith ann leis na hAontachtóirí Éireannacha a chur ar malairt intinne i leith an neamhspleáchais ná leis na Protastúnaigh Ultacha a mhealladh chun an chríochdheighilt a chur ar ceal.

Na staraithe Náisiúnaíocha, arís, is é an dearcadh a bhíonn acusan ná gur mhúscail an tÉirí Amach an náisiún, ar dhóigh is gur thosaigh an tír ar fad ag éileamh neamhspleáchais. De réir an dearctha seo, b'é an tÉirí Amach, chomh maith leis na himeachtaí a tharraing sé ina dhiaidh, a chuir ar chumas na nÉireannach Cogadh na Saoirse a chur agus an tsaoirse a bhaint amach don tír arís.

Tá an teoiric ann freisin go raibh an tÉirí Amach fite fuaite le comhoibriú na náisiúnaithe Éireannacha leis an nGearmáin. Dá mb'í an Ghearmáin a bhéarfadh bua ar an mBreatain Mhór, - a cheapann lucht leanúna na teoirice seo, - bheadh toscairí Phoblacht na hÉireann ina suí ag bord na gcomhchainteanna síochána i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda.

Is é an chiall is fearr leis na staraithe a bhaint as an scéal, ná go bhfuair na Sé Chontae Fichead neamhspleáchas idir an chéad lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1922 (nuair a chuaigh an chumhacht fheidhmitheach ó lámh na nGall go lámh na nGael de réir an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus é sínithe ag Rialtas na Breataine Móire agus toscairí na nÉireannach sa bhliain 1921, - nó b'é an Conradh seo a chuir bun le Saorstát Éireann) agus an séú lá de Mhí na Nollag sa bhliain chéanna (nuair a chuaigh an chumhacht reachtaitheach ó lámh na nGall go lámh na nGael). Mar sin, ní thugann siad aitheantas ar leith don Éirí Amach mar bhunchloch. Mhair an Saorstát go dtí an bhliain 1937, nuair a heisíodh Bunreacht na hÉireann. Ansin, ní raibh ach athrú ainm de dhíth le poblacht cheart a dhéanamh den tír. Sa bhliain 1949, tháinig an tOireachtas le chéile le Poblacht a ghairm d'Éirinn.

An Sóisialachas agus an tÉirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

James Connolly

Uaireanta, deirtear gurbh é Éirí Amach na Cásca an chéad réabhlóid Shóisialach san Eoraip. Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an ráiteas seo. B'é an Conghaileach an t-aon duine amháin de na ceannairí a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht idirnáisiúnta na Sóisialach. Cé gur thug an chuid eile acu le fios go raibh siad meáite ar stát Sóisialach a dhéanamh den Phoblacht, is é an chuma atá ar an scéal nach raibh ann ach cleas le tacaíocht an Chonghailigh a fháil don Éirí Amach. Réabhlóid i gcúrsaí an chultúir agus na polaitíochta a bhí ag teastáil uathu thar aon chineál réabhlóid eile.

Bhí an Piarsach suite siúráilte, mar shampla, nach n-éireodh leis an Éirí Amach cibé, agus mar sin, bhí an chaint saor aige. Bheadh sé chomh maith aige réabhlóid Shóisialach a ghealladh, nó ní chaithfeadh sé beart a chur le briathar. B'fhollasach nach raibh mórán muiníne ag an gConghaileach as a chuid comhchogaithe a fhad is a bhí a dtiomantas siúd don tSóisialachas i gceist. Bhí sé ullamh cogadh na n-aicmí a chur orthu a thúisce is a thiocfadh an Phoblacht ar an bhfód. Thairis sin, ní féidir a rá ar aon nós gur Sóisialach a bhí in Éamon de Valera, arbh é an duine ba mhó le rá agus ba mhó tionchair is cumhachta i saol na hÉireann acu siúd a tháinig slán as an Éirí Amach.

Mar sin féin, nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis, thug siad aitheantas dioplómatúil don Phoblacht a bhí fógartha ag an bPiarsach agus curtha ar ceal leis an gConradh Angla-Éireannach. Bhí luiteamas ag Léinín leis an gConghaileach, agus nuair a bhí na Cumannaigh eile ag fáil lochta air siúd toisc gur chomhoibrigh sé le náisiúnaithe buirgéiseacha, cháin Léinín iad, agus é den tuairim go raibh an ceart ag an gConghaileach go hiomlán nuair a chuaigh seisean i gcomhghuaillíocht le haicmí míshásta eile. Bheadh comhghuaillíochtaí den chineál sin géar-riachtanach ag na Cumannaigh lena gcuspóirí a bhaint amach, arsa Léinín.

Fir a cuireadh chun báis iad i ndiaidh an Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pádraig Mac Piarais.
Séamas Ó Conghaile.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Cú Uladh', Bliain na hAiséirí, Coiscéim, 1992.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. centenaries.ucd.ie. "UCD Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.