Halla na Saoirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Halla na Saoirse
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Halla na Saoirse
(en) Liberty Hall
Sonraí
CineálIlstórach
AiltireDesmond Rea O'Kelly
Foirgníocht1961 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′54″N 6°15′19″W / 53.348333333333°N 6.2552777777778°W / 53.348333333333; -6.2552777777778

Is foirgneamh stairiúil atá suite in aice leis an Life i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Halla na Saoirse (Béarla: Liberty Hall). Is é an foirgneamh is airde sa chathair, agus b'é an foirgneamh ab airde in Éirinn sular tógadh an tÁras Contae i gCorcaigh sa bhliain 1968. Tá áit thábhachtach i stair na hÉireann ag Halla na Saoirse, mar b'é san áit seo a bhunaigh Séamas Ó Conghaile an tArm Cathartha sa bhliain 1913. Tá an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil suite ann inniu.

Tá sé pleanáilte go leagfar an foirgneamh go talamh chun foirgneamh nua a chur ina áit.