Bóthar na bhFál
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Bóthar na bhFál an príomhbhóthar a théann trí iarthar Bhéal Feirste in Éirinn. Is ann atá cónaí ar an phobal náisiúnach is mó sa chathair, agus tugann go leor turasóirí cuairt air anois mar gheall ar stair na dtrioblóidí ó 1968 i leith. Tá an ceantar mór dílseoirí, Bóthar na Seanchille, buailte leis agus balla síochána eatarthu.
Bóthar tuaithe a bhí ann i dtús ama ach rinne forbairt ar thithíocht ann sa naoú haois déag agus na muilte móra línéadaigh á dtógáil. Leagadh an-chuid de na tithe beaga a bhí ann sna 1960í agus tógadh árasáin ar nós Divis Tower. Le linn na tréimhse céanna tháinig dream daoine le chéile chun pobal Gaelach agus bunscoil a bhunú. Cuireadh go láidir in aghaidh Phobal Feirste ach d'éirigh leo dul chun cinn mór a dhéanamh agus tá pobal láidir Gaelach ann anois agus aitheantas Gaeltachta á lorg acu.
Bhí cónaí ar Shéamus Ó Conghaile, an ceannaire sóisialach, i gceantar na bhFál i mblianta luatha an 20ú haois agus chuir sé eagar ar na oibrithe sna muilte lín. Mhair an traidisiún sóisialach ar feadh na mblianta chomh maith leis an phoblachtachas. Ba é Bóthar na bhFál an chuid ba mhó daonra de thoghcheantar Bhéal Feirste Thiar do pharlaimint na Breataine agus sheas iarrthóirí poblachtacha éagsúla sna toghcháin ó rinneadh an chríochdheighilt ar Éirinn i 1920. Cuireadh cosc ar bhratach na hÉireann a thaispeáint agus thosaigh an ceannaire seicteach Ian Paisley ciréib nuair a cuireadh an trídhathach ar taispeáint in oifigí an Phoblachtánaigh Billy McMillan i 1964.
Thosaigh pobal na bhFál ar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach go gairid ina dhiaidh sin, ag éileamh go gcuirfí deireadh le leatrom creidimh ó thaobh tithíochta agus fostaíochta. D'ionsaigh dílseoirí na léirsithe ar son cearta daonna agus cuireadh sráideanna iomlána tithe trí thine.
Cuireadh Arm na Breataine ar na sráideanna i 1969 agus fáilte ag na daoine rompu ar feadh tamaill. Ach ba é dearcadh an airm go raibh an locht ar Phoblachtánaigh faoi na ciréibeanna agus chuir siad cuirfiú ar an cheantar i 1970. Maraiodh ceathrar agus bhí naimhdeas idir an pobal agus na saighdiúirí ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin. In ainneoin na ndeacrachtaí uilig a bhí acu mhair spiorad láidir pobail sa cheantar agus tá cáil ar an ionad Gaelach, an Cultúrlann, agus ar Fhéile Feirste le blianta mar gheall ar a bhfuil déanta acu chun an cultúr a chur chun cinn.

