Éirí Amach 1798 in Éirinn
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: caighdeán gramadaí lag Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| Éirí Amach 1798 in Éirinn | |||
| Dáta: | 23 Bealtaine - 23 Meán Fómhair, 1798 | ||
| Áit: | Éire | ||
| Toradh: | Cuireadh na réabhlóidithe faoi chois. Ritheadh Acht an Aontais 1800. | ||
| Céilí comhraic | |||
|
|||
| Ceannasaithe | |||
|
|||
|
|||
| Taismigh | |||
|
|||
Iarracht réabhlóide ab ea é an tÉirí Amach sa bhliain 1798 in Éirinn, agus na hÉireannaigh ag iarraidh na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn. B'é Cumann na nÉireannach Aontaithe a bhí freagrach as. Is gnách Bliain na bhFrancach a thabhairt ar an mbliain ar fad, le taobhshúil ar na hiarrachtaí a bhí ar siúl ag an bhFrainc Réabhlóideach lámh chúnta a shíneadh chuig na ceannairceoirí Éireannacha. Mhair na himeachtaí réabhlóideacha in Éirinn ar feadh leathbhliana, a bheag nó a mhór.
Cúlra [athraigh]
Is gnách Aois na Réabhlóide a thabhairt ar an ochtú haois déag, de bharr Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince ach go háirithe, agus chuaigh imeachtaí agus smaointeachas na réabhlóidí seo go mór mór i bhfeidhm ar na hÉireannaigh, ar nós Wolfe Tone agus na hÉireannaigh Aontaithe. Eagraíocht réabhlóideach ab ea iad na hÉireannaigh Aontaithe, agus b'iadsan a d'eagraigh an tÉirí Amach sa bhliain 1798.
Cé go raibh na Caitlicigh ina dtromlach in Éirinn riamh, bhí a gcuid cearta bainte díobh ar fad leis na Péindlíthe. B'iad baill na hEaglaise Oifigiúla - Eaglais na hÉireann - an dream ba mhó cumhachta sa tír. Ní raibh na heaglaisí Protastúnacha eile chomh cumhachtach céanna, nó bhí srianta áirithe curtha leo agus le saol a mballra ag na dlíthe freisin. Mar sin, thosaigh siad ag comhoibriú leis na Caitlicigh leis an nasc le Sasana a bhriseadh agus saoirse a bhaint amach d'Éirinn.
An réabhlóid [athraigh]
Bhí an tacaíocht leis na hÉireannaigh Aontaithe ag fás i measc na nÉireannach, agus sa deireadh, thosaigh siad ag ullmhú réabhlóide, agus iad ag dul i dteagmháil leis na Francaigh freisin le cabhair a iarraidh orthu. Sa bhliain 1796, tháinig 15,000 saighdiúir faoi cheannas an Ghinearáil Hoche go Bá Bheanntraí, agus Wolfe Tone leo. Níor lig an doineann agus an ghaoth mhór do na Francaigh teacht i dtír, áfach.
Tháinig eagla ar na Sasanaigh, agus chuaigh siad i dtuilleamaí comhéigin agus géarleanúna, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Rinne siad iarracht freisin an aontacht idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a bhriseadh. D'éirigh na hÉireannaigh amach i gCathair Thiobraid Árann, ach briseadh an cath orthu go tapaigh. Ansin, thuig na hÉireannaigh Aontaithe go raibh orthu plean ceart a dhéanamh agus an cheannairc a thosú go gasta.
Is é an plean a bhí acu ná go n-éireodh na ceannairceoirí i mBaile Átha Cliath amach ar an 24ú lá de Mhí Bealtaine, agus go gcuirfeadh na ceannairceoirí sna contaetha timpeall bac leis na saighdiúirí a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa chathair.
Chuala na Sasanaigh faoin bplean, áfach, agus bhí siad réidh, níor stopadh ach coiste nó dhó sa chathair, ach bhí éirí amach i gCill Mhantáin, Contae na Mí agus Contae Chill Dara. Scaip sé go dtí contaetha mar Aontroim, Contae an Dúin, ach go háirithe i Loch Garman. Tar éis cúpla mí bhí siad scriosta, tháinig 1,000 saighdiúirí Francacha i dtír ró-dhéanach i Mí Méan Fómhair, ach fós bhí a lán tacaíocht acu go dtí gur ghéill siad tar éis Chath Bhaile na Muc. Tháinig siad go Dún na nGall freisin i Mí Dheireadh Fómhair ach gabhadh iad (Cath Thoraí) roimh teacht i dtír (ghabh siad Wolfe Tone ar cheann de na báid). Ba é seo an comhrac deireanach den Éirí Amach Éireannach sa bhliain 1798, agus ba é a chuir críoch leis an iarracht dheireanach a rinne Cabhlach na Fraince ar líon suntasach saighdiúirí a thabhairt i dtír in Éirinn i rith an chogaidh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.