Mícheál Ó hAnnracháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mícheál Ó hAnnracháin.

Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Mícheál Ó hAnnracháin (Béarla: Michael O'Hanrahan), 17 Márta, 18774 Bealtaine, 1916) a ghlac páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916.

Cúlra[athraigh | edit source]

As Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman dó, bhunaigh Ó hAnnracháin craobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus scríobh sé na húrscéalta A Swordsman of the Brigade agus When the Norman Came. Chuaigh sé díreach isteach in Óglaigh na hÉireann gan mhoill nuair a bunaíodh iad sa bhliain 1913.

Éirí Amach na Cásca[athraigh | edit source]

Bhí Ó hAnnracháin ar an dara duine i gceannas ar 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas Thomáis Mhic Dhonnchadha. Bhí na réabhlóidithe bunaithe i monarcha bhriosca Jacob's, ach ní fhaca siad mórán aicsin i rith na seachtaine. Gabhadh Ó hAnnracháin, agus lámhachadh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine in éineacht leis na gceannairí. Bhí a dheartháir Anraí páirteach san éirí amach chomh maith, agus daoradh pianseirbhís air.

Tá an stáisiún traenach i Loch Garman agus an droichead thar abhainn na Bearú i Ros Mhic Thriúin ainmnithe in ómós dó.

Tagairtí[athraigh | edit source]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh