Tomás Ó Cléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tomás Ó Cléirigh
Thomas Clarke the brave.jpg

Dáta breithe 11 Márta, 1857
  Inis Iocht, Sasana
Dáta báis 3 Bealtaine 1916
  Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, Éire
Céile Caitlín Bean Uí Chléirigh

Réabhlóidí Éireannach ba ea Tomás Séamus Ó Cléirigh (11 Márta, 1857 - 3 Bealtaine, 1916), nó Thomas James Clarke as Béarla. Dar le go leor daoine ba eisean ba mhó a chuir dlús le hÉirí Amach na Cásca a bheartú agus a chuir i gcrích, agus é ar an chéad cheannaire a shínigh Forógra na Poblachta. Chreid sé go hiomlán gur le lámh láidir amháin a bhrisfí a nasc leis an Bhreatain, agus chaill sé cúig bliana déag dá shaol faoi ghlas dá bharr.

Teachta Dála a bheadh ina bhean Caitlín Bean Uí Chléirigh feasta, agus í ag cur in aghaidh an Chonartha sa chéad dhá Dháil.

Luathshaol[athraigh | edit source]

Rugadh Tomás Ó Cléirigh ar Inis Iocht, áit ina raibh a athair lonnaithe mar shaighdiúir in Arm na Breataine. Éireannaigh ó dhúchas a bhí ina thuismitheoirí James Clarke ó Charraig Álainn i gContae Liatroma agus Mary Palmer ó Chontae Thiobraid Árainn. Aistríodh an clann chuig an Afraic Theas agus é ina bhuachaill aon bhliain d'aois. Níor fhilleadar ar Éirinn go dtí go raibh seacht mbliana slánaithe ag Tomás, agus d'fhás sé aníos i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain.

Baile a bhí i lár an aonaigh ó thaobh cur in aghaidh na Breataine leis na gcianta a bhí in nDún Geanainn, agus lorg an Ghorta Mhóir fágtha fós go tréan air. Bhíodh na hÉireannaigh Aontaithe an-ghníomhach sa cheantar, agus na Fíníní ag teacht sna sála orthu. Níorbh fhada go músclaíodh a chuid suime sa pholaitíocht agus i gcúrsaí talún. Agus an aois cheart bainte amach aige, chuaigh sé isteach i Bráithreachas na Poblachta gan mhoill.

Bráithreachas na Poblachta[athraigh | edit source]

Cumann rúnda a bhí sa Bhráithreachas, agus é meáite ar leas a bhaint as foréigean chun riail na Breataine a chuir ar neamhní agus poblacht Éireannach a bhunú ina áit. Tháinig eagraí náisiúnta an chumainn John Daly ar chruinniú i nDún Geanainn, agus b'ann a bhuail an Cléireach leis don chéad uair. Chuaigh Daly agus a chuid smaointí go mór i bhfeidhm air, agus rinneadh ball den Bhráithreachas de tamall gearr ina dhiaidh. Faoi na 1870idí, ball dílis agus daingnithe go smior a bhí sa Chléireach agus áit glactha aige i gcroílár ghníomhaí an chumainn.

Sa bhliain 1880, bhris caismirtí amach idir mhuintir Dhún Geanainn agus na póilíní. Déanadh ionsaí ar an gconstáblacht, tar éis don Cléireach piléar a chaitheamh ina dtreo lena raidhfil. Agus na húdaráis sa tóir air, b'éigean dó teitheadh thar sáile ar mhaithe lena shábháilteacht. Bhíodh cairde dá chuid ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá, agus shocraigh sé taisteal in éineacht leo. Shroich sé Nua-Eabhrac agus an bhliain ag druidim chun deiridh, agus é dhá bhliain is fichead d'aois. Tháinig sé ar phost mar ghiolla óstáin gan mhoill ar bith agus - i bhfad níos tábhachtaí - chuaigh sé i dteagmháil le Clann na nGael, craobh Mheiriceánach na bhFíníní.

Chaith sé cúig bhliana déag i bPriosún Pentonville i Sasana, ó 1883 go 1898, faoi go raibh sé bainteach le hiarrachtaí Sasana a bhuamáil. Bhunaigh sé an Chomhairle Mhíleata a cheap Éirí Amach na Cásca. Cuireadh chun báis é os comhair scuad lámhaigh ar an 4 Bealtaine 1916.

Óglaigh na hÉireann[athraigh | edit source]

Thacaigh an Cléireach go mór le bhunú Óglach na hÉireann sa bhliain 1913, ach ní raibh baint ar baint leo ós rud é gur coirpeach agus náisiúnaí d'ard-cháil a bhí ann, rud a thabharfadh mí-cháil ar na hÓglaigh. Anuas ar sin, is follasach go mbeadh an-thionchar ag baill shuntasacha an Bhráithreachais amhail Mac Piaras, Mac Diarmada agus Hobson orthu, agus iad i lár bhaill fud fad na heagraíochta.

An tÉirí Amach[athraigh | edit source]

Bhí Ó Cléirigh ina bhall den Chomhairle Mhíleata a bheartaigh Éirí Amach na Cásca agus bhí seisean ar dualgas i gceanncheathrú an éirí amach in Ardoifig an Phoist le linn na seachtaine. Throid sé cliathánach le hArm Cathartha na hÉireann, faoi cheannas Shéamuis Uí Chonghaile. Cé nach raibh céim mhíleata oifigiúil d'aon saghas aige, bhí sé aitheanta mar duine de cheannasaithe an gharastúin siúd, agus bhí ról suntasach aige sa troid. Gabhadh eisean agus na ceannairí eile tar éis ghéilleadh na bhfórsaí ar an 29 Aibreáin agus cuireadh faoi ghlas i bPríosún Chill Mhaighneann iad. Ba eisean an dara duine a chun aghaidh a thabhairt ar an scuad lámhaigh ar an 3ú Bealtaine, tar éis an Phiarsaigh.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Tá lorg an Chléirigh fágtha go tréan ar an dtír:

  • Bhí Túr Thomáis Uí Chléirigh ar cheann de thúir Bhaile Munna, a leagadh chun talamh sa bhliain 2008
  • Athainmníodh stáisiún traenach Dhún Dhealgán in ómós dó ar an 10 Aibreán 1966, chun a ról san éirí amach a chomóradh
  • Bhí íomhá de ar stampaí sa bhliain chéanna 1966
  • Tá cumann de chuid CLG ina bhaile dúchais Dún Geanainn ainmnithe as - Dún Geanainn Thomáis Uí Cleirigh
  • Tugtar Cumann Thomáis Uí Chléirigh i nDún Geanainn ar chumann sa bhaile siúd a dhéanann comóradh ar an éirí amach

Tagairtí[athraigh | edit source]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh