Cumann na nÉireannach Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éireannaigh Aontaithe)

Eagraíocht polaitiúil a bhí gníomhach in Éirinn i rith an 18ú haois ab ea é Cumann na nÉireannach Aontaithe (Béarla: Society of the United Irishmen), nó Na hÉireannaigh Aontaithe (Béarla: United Irishmen) mar a dtugtar orthu de ghnáth. An phríomh-aidhm a bhí acu ná neamhspleáchas a fháil ón Ríocht Aontaithe, agus iad freagrach as Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe na bliana 1798.

141

Stair[athraigh | edit source]

Bhí tionchar láidir ag Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789 ar fud an domhain, agus in Éirinn go h-áirithe a bhí faoi smacht na Sasanach fós. Thosaigh an Chinsealacht Phrotastúnach in Éirinn ag argóint i bhfábhar Caitlicigh na hÉireann, mar shampla Theobald Wolfe Tone a scríobh "An Argóint ar son Chaitlicigh na hÉireann” i mí Meán Fómhair, 1791. Cheap Tone, é ina Phrotastúnach féin, gur ba cheart Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí aontaigh le chéile chun athchóiriú polaitíochta a fháil.

Béal Feirste[athraigh | edit source]

Bhí an-tionchar ag paimfléad Tone ar fud na tíre, agus fuair sé cuireadh chun buail le naoínar Preispitéirigh i mBéal Feirste. Bhunaigh siad bráithreachas nua le chéile ar 18 Deireadh Fómhair 1791 leis an t-ainm Cumann na nÉireannach Aontaithe. Na trí cuspóir a bhí acu ná:

  1. Go bhfuil tionchar na Sasanach ró-láidir in Éirinn, agus is ceart go mbeadh aontas idir na daoine go leor sa tír, chun an chothromaíocht a choinneál, é atá bunriachtanach chun ár saoirsí sibhialta a chaomhnaigh agus ár dtráchtáil a chothaigh
  2. Go bhfuil athchóiriú iomlán agus raidiciúil ar na ndaoine sa rialtas an t-aon módh bunreachtúil amháin a úsáid chun chur i gcoinne an tionchar seo
  3. Nach bhfuil aon athchóiriú ceart ach an athchóiriú a clúdaíonn gach Éireannach ó ngach creideamh

Na daoine a bhí ann ar an lá sin ná Tone, Thomas Russell, William Sinclair, Henry Joy McCracken, Samuel Neilson, Henry Haslett, Gilbert McIlveen, William Simms, Robert Simms, Thomas McCabe agus Thomas Pearce. Preispitéirigh ab ea iad den chuid is mó, as an tionscal línéadach sa chathair.

Baile Átha Cliath[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1792, thosaigh na hÉireannaigh Aontaithe ag seol amach a nuachtán féin, an Northern Star. Tar éis tamaill, bunaíodh craobh nua den chumann i mBaile Átha Cliath ar 9 Samhain, 1791. D'aontaigh siad le chéile leis na gCosantóirí freisin, eagraíocht Caitliceach a bhí ag troid chun athriar talúntais a fháil.

Roimh an réabhlóid[athraigh | edit source]

Chuaigh an ghluaiseacht faoin talamh i lár na 1790í, agus bhí diospóireacht ann idir na daoine a thacaigh réabhlóid i gcoinne na Sasanaigh gan aon cabhair, agus na daoine a cheap gur ba cheart dóibh fanacht chun cabhair a fháil ó na bhFraincigh. Sa bhliain 1794, b'é William Drennan an céad duine a chuireadh faoi ghlas mar gheall ar a obair ceannairceach. Thosaigh na h-údaráis ag tabhairt eachtraí na hÉireannaigh Aontaithe faoi deara ag an am seo, agus bunaíodh an tOrd Oráisteach sa bhliain 1795 mar fhórsa míliteacha i gcoinne iad.

Sa bhliain 1796, thosaigh cabhlach mór Francach ag seol go hÉireann faoi cheannais an Ginearál Hoche, le 15,000 trúpa ann. Shroich cabhlach Hoche Bá Bheanntraí i gContae Chorcaí, ach ní raibh siad ábalta teacht isteach mar gheall ar an droch-aimsir a bhuail an réigiún. Bhí air Hoche an cabhlach ar fad a thóg ar ais go dtí an bhFrainc. Fuair na h-údaráis amach faoin eachtra seo freisin, agus thosaigh siad ionsaí mór ar na hÉireannaigh Aontaithe mar thoradh.

Éirí Amach sa bhliain 1798[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1798, bhí an-brú ar na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach a thosaigh go tapaidh, mar bhí na na h-údaráis ag fáil an lámh in uachtar. Bhí seans ann fós go mbeadh cabhair ar fáil ó na bhFraincigh arís, ach ní raibh siad ábalta fanacht leis. Fógraíodh go mbeadh an t-éirí amach ag tosú ar 23 Bealtaine, ach cuireadh an Tiarna Éadbhard Mac Gearailt faoi ghlas ar 18 Bealtaine agus ní raibh siad ábalta ionsaí a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath mar thoradh.

Thosaigh an troid in aon chor, cé go raibh an cuid is mó den ceannasaíocht ar iarraidh. Ní raibh aon rath ag na réabhlóidithe, taobh amuigh de Loch Garman. Shroich na Francaigh Contae Mhaigh Eo i mí Lúnasa, ach bhí siad ró-dhéanach chun aon dul chun cinn mór a dhéanamh. Gabhadh Tone fhéin i mí Deireadh Fómhair, agus fuair sé bás faoi ghlas ar 19 Samhain 1798.