Seán Mac Réamainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Mac Réamainn t. 1916.

Ba pholaiteoir Éireannach é Seán Éamonn Mac Réamainn (Béarla: John Edward Redmond) (1 Meán Fómhair, 18566 Márta, 1918), a bhí ina cheannaire ar an bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann idir na blianta 1900 agus a bháis sa bhliain 1918. Chaith Redmond a shaol ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn, ach chuir Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus fás Shinn Féin ina dhiaidh sin deireadh leis an iarracht.

Saolaíodh Redomnd i gContae Loch Garman agus ba theachtaí iad a athair William Archer Redmond agus a dheartháir William Hoey Kearney Redmond chomh maith.