Páirtí Parlaiminteach na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Charles Stewart Parnell, bunaitheoir.
Páirtí polaitíochta a bhí gníomhach in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois ab ea é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann (Béarla: Irish Parliamentary Party). B'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an páirtí sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais a bhí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn.
Bhí scoilt sa pháirtí nuair a thit Parnell sa bhliain 1891, ach aontaíodh é le chéile arís sa bhliain 1900 faoi cheannais Sheáin Mhic Réamainn agus níos déanaí Seán Diolún. Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus an ghéarchéim choinscríobh i 1918, chaill siad a suíocháin ar fad sa rialtas mar bhog fabhar an phobail go dtí Sinn Féin.
Ceannairí [athraigh]
- Charles Stewart Parnell (1882-1891)
- Seán Mac Réamainn (1891-1900)
- Justin McCarthy (1891-1892)
- Seán Diolún (1892-1900)
- Seán Mac Réamainn (1900-1918)
- Seán Diolún (1918)
- Seosamh Ó Doibhilin (1918-1921)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.