Seán Diolún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Diolún.

Ba pholaiteoir náisiúnach Éireannach é Seán Diolún (Béarla: John Dillon) (4 Meán Fómhair, 1851 - 4 Lúnasa, 1927), a bhí gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn. Mac leis an scríbhneoir Seán de Bláca Diolún (John Blake Dillon), bhí sé ina bhall de Conradh na Talún agus ghlac sé páirt i gCogadh na Talún sna 1880idí. Bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann idir na blianta 1892 agus 1900, agus arís sa bhliain 1918 tar éis bás Sheáin Mhic Réamainn.

Chaill Diolún agus a pháirtí a lán tacaíocht tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus chuir fás Shinn Féin i rith an tréimhse seo deireadh leo.

Chuaigh a mhac Seámus Diolún isteach sa pholaitíocht freisin.