Sinn Féin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sinn Féin
SinnFeinLogo.png
Ceannasaíocht Gearóid Mac Ádhaimh
Bunaithe Bunfoirme 1905
Foirm reatha 1970
Ceanncheathrú 44 Cearnóg Parnell, BÁC. Agus
53 Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Idé-eolaíocht Sóisialachas, Poblachtánachas
Cleamhnas European United Left–Nordic Green Left
Dathanna Glas
Gréasáin www.sinnféin.ie

Is páirtí Poblachtánach Sóisialach Éireannach é Sinn Féin. Tá stair fhada ag an bpáirtí seo, agus é ar thús cadhnaíochta ag cur shaoirse na hÉireann chun cinn le céad bliain anuas. B'é an páirtí seo a chuir cor i gcinniúint na hÉireann agus a bhain amach neamhspleáchas don tír.

Stair an Pháirtí[athraigh | edit source]

An Chéad Sinn Féin[athraigh | edit source]

B'é Art Ó Gríofa a bhunaigh Sinn Féin sa bhliain 1905, agus é báúil le Poblacht neamhspleách in Éirinn. San am céanna, thuig an Gríofach nach mbeadh sé furasta a leithéid de chuspóir a bhaint amach, agus mar sin, b'í an chéad aidhm a chuir sé roimh an bpáirtí ná féinrialtas nó neamhspleáchas teoranta: ní bheadh sé réasúnta ná réadúil an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh go huile is go hiomlán, dar leis, ach feabhas mór a bheadh san fhéinrialtas teoranta féin. Démhonarcacht is féidir a thabhairt ar an réiteach a bhí i gceist ag an nGríofach, nó bhí a chuspóir múnlaithe ar an gcineál monarcacht dhúbailte a cuireadh i bhfeidhm ar an Ungáir sa bhliain 1867, nuair a bhí an tír sin ceangailte den Ostair in Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.

Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le hÉirí Amach na Cásca, ach mura raibh, is í an chiall chontrártha a bhain na húdaráis agus na nuachtáin araon as imeachtaí an Éirí Amach, nó bhí na focail The Sinn Féin Rebellion - ceannairc Shinn Féin - le léamh ar fud na háite tar éis an Éirí Amach. Nuair a cuireadh ceannairí an Éirí Amach, ar nós an Phiarsaigh féin, chun báis, d'éirigh na Náisiúnaithe i bhfad ní b'fhíochmhaire agus ní ba radacaí ina meon. Ní raibh eagraíocht pholaitiúil dá gcuid féin ag lucht an Éirí Amach, áfach, agus chuaigh siad chun caibidlíochta leis an nGríofach chun Sinn Féin a iompú ina pháirtí réabhlóideach.

An Dara Sinn Féin[athraigh | edit source]

Roimh thoghchán na bliana 1918, chuaigh ceannairí nua i seilbh Shinn Féin. D'fhág Art Ó Gríofa an halmadóir ag Éamon de Valera agus ag daoine eile a tháinig ina mbeo as an díoltas a d'agair na Gaill ar lucht an Éirí Amach. Ansin, bhí Sinn Féin ina pháirtí Poblachtánach go hiomlán. Bhuaigh an páirtí 73 shuíochán de na 105 cinn a bhí ar fáil in Olltoghchán na bliana 1918, agus ansin, d'fhógair feisirí an pháirtí nach mbeidís sásta Westminster a bhaint amach ná a gcuid suíochán a ghlacadh i bPairlimint na hImpireachta Gallda i Londain. I dtús na bliana 1919, tháinig feisirí Shinn Féin le chéile le Dáil Éireann, nó pairlimint neamhspleách Phoblacht na hÉireann, a ghairm chun beatha. D'fhógair an Chéad Dáil seo neamhspleáchas na hÉireann, agus thosaigh Cogadh na Saoirse in Éirinn. I rith an chogaidh seo, bhí Sinn Féin i gceann rialtas réabhlóideach na hÉireann. Nuair a shínigh toscairí na hÉireann an Cogadh Angla-Éireannach, áfach, scoilt an páirtí ina dhá chuid. Chaith tromlach na dTeachtaí Dála a gcuid vótaí ar son an Chonartha, 64 vóta ar fad, ach mar sin féin, dhiúltagh mionlach mór acu don Chonradh, 57 vóta ar fad. Thairis sin, bhí tromlach na nÓglach ag tacú leis an mionlach seo.

An Triú Sinn Féin[athraigh | edit source]

An chuid de Shinn Féin a dhiúltaigh don Chonradh, is é sin an tríú Sinn Féin. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, is é an t-ainm a ghlac siad orthu féin ná Cumann na nGaedheal - nó Cumann na nGael i litriú an lae inniu. Chuir an dá pháirtí seo cogadh cruálach ar a chéile, Cogadh na gCarad, nó Cogadh Cathartha na hÉireann. B'iad lucht tacaithe an Chonartha a bhuaigh an cogadh, ach tar éis an chogaidh féin, ní raibh lucht an taoibh eile sásta a ndlisteanas a admháil. Bhunaigh na buaiteoirí tír fhéinrialaitheach i sé chontae fichead den tír - Saorstát Éireann. Mar sin, is minic a thugtar "Státairí" nó "Saorstátairí" orthu, agus ainm na bPoblachtánach ag tagairt do lucht an taoibh eile. Chaithfeadh Teachtaí Dála an tSaorstáit dílseacht a mhóidiú do Rí Shasana, rud nár thaitin le hÉamon de Valera ná leis na Poblachtánaigh eile. Mar sin féin, mhol de Valera do Shinn Féin páirt a ghlacadh sna todhcháin agus an chumhacht a bhaint amach sa tír ar dhóigh pholaitiúil, in áit na láimhe láidire. Chuir sé an cheist ar vóta ansin, agus nuair a chaill sé an vóta, d'fhág sé Sinn Féin le páirtí dá chuid féin - Fianna Fáil - a bhunú dóibh siúd a bhí sásta triail a bhaint as an daonlathas.

An Ceathrú Sinn Féin[athraigh | edit source]

Nuair a thréig de Valera agus lucht leanúna Fhianna Fáil an páirtí, níor fágadh ach dream beag coimeádach sa pháirtí. Ní raibh caidreamh rómhaith ag iarsmaí Shinn Féin leis an IRA, ach an oiread, cé gurbh iad siúd an fórsa ba thábhachtaí agus ba threise i bhfad sa pholaitíocht Phoblachtánach. Sa bhliain 1939, d'éirigh leis an bpáirtí agus leis an arm teacht chun réitigh sa deireadh thiar thall, ach mar sin féin, chuir polasaí neamhfhreastail an pháirtí an-bhac ar a fhás is ar a fhorbairt.

Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na Poblachta ar chlé, nuair a rinne go leor de na Poblachtánaigh a gcuid féin den anailís Mharxach ar chás na hÉireann. Ní raibh iomlán na gcomhaltaí sásta leis an gcasadh seo, agus ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 1970, chuaigh scoilt nua air. Iad siúd a chloígh leis an Náisiúnachas traidisiúnta, chuir siad Sinn Féin Sealadach ar bun, agus an chuid eile, chuaigh siad le polaitíocht na heite chlé i Sinn Féin Oifigiúil.

An Cúigiú Sinn Féin[athraigh | edit source]

Póstaer Shinn Féin i mBaile Átha Cliath.

Is é Sinn Féin Sealadach an cúigiú Sinn Féin, agus is é an páirtí a bhíonn i gceist ag lucht an lae inniu, nuair a dhéanann siad tagairt do "Shinn Féin". I rith na dTrioblóidí sa Tuaisceart, ba nós dearcadh ar Shinn Féin mar chraobh pholaitiúil an IRA. B'é Ruairí Ó Brádaigh a bhí ina chathaoirleach ar an bpáirtí i dtús báire, ach inniu, is é Gearóid Mac Ádhaimh an ceannaire. Ó na hochtóidí i leith, tháinig athrú ar sheasamh polaitiúil na ceannaireachta de réir a chéile, agus iad ag tréigean mheon na gleice armtha de réir a chéile ar mhaithe leis an bpolaitíocht bhunreachtúil. Dá thoradh sin, scoilt an páirtí arís, agus sin faoi dhó. Sa bhliain 1986, ghlac an páirtí leis an moladh éirí as polasaí an neamhfhreastail i leith Dháil Éireann agus suíocháin a lorg sa Dáil. Ansin, thréig Ruairí Ó Brádaigh agus lucht a leanúna an páirtí le Sinn Féin Poblachtach a bhunú. Tháinig scoilt nua ar an bpáirtí agus ar an IRA nuair a thoiligh an páirtí leis an sos cogaidh sa Tuaisceart. Iad siúd a dhiúltaigh don tsíocháin, bhunaigh siad an Fíor-IRA. Mar sin féin, chuaigh Sinn Féin Sealadach ó neart go neart sna toghcháin, agus in olltoghchán na Breataine Móire sa bhliain 2005, bhuaigh an páirtí sé shuíochán, agus é ar an bpáirtí náisiúnaíoch is mó anois i dTuaisceart Éireann.

Ceannairí[athraigh | edit source]

Ógra Shinn Féin[athraigh | edit source]

Tá eite óg ag an pháirtí darb ainm Ógra Shinn Féin. Is eagraíocht í atá gníomhach ar chursaí a bhaineann le hógánach Éireannach dar leo féin. Tá siad i mbun feachtasaíochta ar réimse ábhar, mar shampla, ceisteanna sóisialta: drugaí, féinmharú, bochtanas mac léinn agus cearta na n-oibrithe, agus tá siad glórach ar athaontú na hÉireann agus cur chun cinn neamhspleáchas na tíre.


Polasaithe sna 2010dí[athraigh | edit source]

Polasaí Sláinte Shinn Féin[athraigh | edit source]

  • Seirbhís uile-Éireann mar atá an National Health Service sa Ríocht Aontaithe
  • Teorainn le pa na ndochtúirí comhairleacha
  • Deireadh le costas ar d'othair a bhfuil cártaí leighis acu.
  • Ionaid Chúram Phríomhúil a leathnú
  • Deireadh a chur le formhaoiniú ar chúram príobhaideach in otharlanna poiblí agus costas a ghearradh orthu siúd a bheidh ag baint úsaide as trealamh poiblí agus foireann phoiblí ina gcleachtas príobháiideach
  • Scagthástáil cíche saor in aisce(d'ailse cíche) do gach bean os cionn 40 bliain.

Struchtúr an Phairtí[athraigh | edit source]

  • cumainn
  • comhairlí ceantair
  • cúigí
  • Coiste Seasta
  • Ard-chomhairle