Páirtí na nOibrithe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Páirtí na nOibrithe The Workers' Party |
|
|---|---|
| Ceannasaíocht | Mick Finnegan, John Lowry |
| Bunaithe | 1970 |
| Ceanncheathrú | 48 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, BÁC 1 |
| Idé-eolaíocht | Cumannachas, poblachtachas Éireannach, Marxachas |
| Suíomh | Eite chlé |
| Dathanna | Dearg, glas |
| Gréasáin | Workerspartyireland.net |
Páirtí polaitiúil Éireannach é Pairtí na nOibrithe (Béarla: Workers' Party of Ireland) atá comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé agus de phoblachtóirí in Éirinn a cuireadh ar bun sa bhliain 1970 tar éis gur scoilt an eagraíocht Sinn Féin. Ba é Art Ó Gríofa a bhunaigh an eagraíocht sin siar sa bhliain 1905 i gceáduair agus ghlac an páirtí leis an ainm atá orthu i láthair na huaire sa bhliain 1982.