Fine Gael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fine Gael
Ceannasaíocht Éanna Ó Cionnaith
Bunaithe 24 Aibreán, 1951
Ceanncheathrú 51 Sráid an Mhóta Uachtarach
BÁC 2
Idé-eolaíocht Lár
Cleamhnas European People's Party
Dathanna Gorm
Gréasáin www.finegael.ie

Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea é Fine Gael. Faoi láthair, tá sé ar an dara páirtí is mó sa tír, agus é fágtha i bhfreasúra ag Fianna Fáil. De réir mar a mhaíonn an páirtí féin, tá thart ar 37,000 duine ina mbaill d'Fhine Gael ar fud na tíre.

Téann stair Fhine Gael siar go dtí laethanta an Chogaidh Chathartha, ach níor tháinig an páirtí ar an bhfód faoin ainm sin roimh an mbliain 1933, nuair a chuaigh an Lár-Pháirtí Náisiúnta, Cumann na nGaedheal agus na Léinte Gorma le chéile. Inniu, dearcann Fine Gael air féin mar pháirtí forásach láir, ach is iad na páirtithe daonlathacha Críostaí na cinn is cosúla leis i mór-roinn na hEorpa. Tá an páirtí ag tacú go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus é ag cur in aghaidh Phoblachtánachas na láimhe láidire go tréan. Is é Fine Gael an t-aon pháirtí amháin taobh amuigh den mhór-roinn atá ina bhallpháirtí den EPP, an faicsean den Phairlimint Eorpach a mbaineann na páirtithe daonlathacha Críostaí leis.

Bhí baint áirithe ag Fine Gael leis an Language Freedom Movement nuair a bhí an ghluaiseacht sin ag cur in aghaidh na "Gaeilge éigeantaí", rud a tharraing míchlú áirithe frith-Ghaeilgeoireachta ar an bpáirtí. In Earrach na bliana 2006, d'éiligh Éanna Ó Cionnaith, ceannaire an pháirtí, go maolófaí ar stádas na Gaeilge sna scoileanna. Is í an chiall a bhain gluaiseacht na Gaeilge as an gcineál sin cainte ná gurbh é seandúchas an pháirtí ó laethanta an LFM a tháinig chun solais arís.

[athraigh] Ceannairí an pháirtí

Ceannaire Blianta Toghcheantar
Eoin Ó Dubhthaigh 1933–34 Ceann ar bith.
L. T. Mac Cosgair 1934–44 Ceatharlach-Cill Chainnigh
Risteard Ó Maolchatha 1944–59 Tiobraid Árann
Séamas Diolún 1959–65 Muineachán
Liam Mac Cosgair 1965–77 Dún Laoghaire
Gearóid Mac Gearailt 1977–87 Átha Cliath Theas Thoir
Ailéin de Diúc 1987–90 Cill Dara
Seán de Briotún 1990–2001 An Mhí
Micheál Ó Nuanáin 2001–02 Luimneach Thoir
Éanna Ó Cionnaith 2002— Maigh Eo

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí