Fianna Fáil
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Fianna Fáil | |
|---|---|
![]() |
|
| Ceannasaíocht | Brian Ó Comhain |
| Bunaithe | 23 Márta, 1926 |
| Ceanncheathrú | 65-66 Sráid an Mhóta Íochtarach BÁC 2 |
| Idé-eolaíocht | Lárnachas Poblachtánachas Éireannach Pobalachas |
| Cleamhnas | Alliance for Europe of the Nations |
| Dathanna | Glas, Oráiste |
| Gréasáin | www.fiannafail.ie |
Is pairtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann. Tagann an t-ainm ón seanchas mar ba bhuíon laochra iad na Fianna faoi cheannas Fhinn Mhic Cumhaill. B'ainm "Inis Fáil" a glacadh mar ainm eile ar Éirinn. Bhí scoilt i Sinn Féin tar éis an conradh i 1922 idir Éirinn is an Bhreatain Mhór a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. D'fhág Eamon de Valera Sinn Féin i 1925 mar níor mhaith leis an bpairtí a suíocháin a ghlacadh sa Dháil mar gheall ar an mionn dílseachta do rí na Breataine. Ag an am sin, dúirt Seán Lemass gur 'pairtí leath-bhunreachtúil' ab ea an pairtí mar ní raibh siad ach ag féachaint cad ab fhéidir leo a fháil trí mheáin pholaitiúla agus dá mbeadh gá ann, d'fhillfeadh siad arís ar an bhforéigean.
Clár ábhair |
[athraigh] An páirtí
Bunaíodh an pairtí le trí bhunaidhm -
- An tír a athaontú
- Tír féin-chothú a chruthú
- An Ghaeilge a neartú
Is é Fianna Fáil an pairtí is mó in Éirinn agus bhí siad i gcumhacht i 23 Dáil as an 29 a bhí ann. Ba rialtas Fhianna Fáil é an rialtas is faide, ó 1932-1948, nuair a tháinig comhrialtas i gcomharba orthu, a thit ceithre bliain níos déanaí nuair a bhuaigh Fianna Fáil olltoghchán eile faoi Eamon de Valera.
[athraigh] Stair
Bunaíodh an páirtí ar an 23ú lá de Márta 1926. Is ar an dara le d'Aibreán a rinne an páirtí cinneadh ar a ainm. Bhí Seán Lemass i bhfabhar an ainm 'The Republican Party', ach is Éamon De Valera, ceannaire an páirtí a rinne an cinneadh, agus is é an t-ainm 'Fianna Fáil' a phioc sé.
Ar an 16ú lá de Bealtaine bhí chéad cruinniú an páirtí sa amharclann 'La Scala' i mBaile Átha Cliath.
Bhunaigh an páirtí a gcéad rialtas i Mí na Márta 1932 le cabhair ón Lucht Oibre. Ghéill rialtas Chumann na nGaedhael riarachán na tíre dóibh agus ba chéim mhór í seo do dhaonlathas na hÉireann mar bhí na daoine céanna á marú i gCogadh Cathartha cúpla bliain roimhe sin. I mí Eanáir 1933 d'fhógair de Valera toghchán agus bhuaigh an páirtí móramh sa Dáil.
Tháinig a lán scannal chuig Fianna Fáil trína bliana. An Triail na nArm sa seachtóidí, nuair a cúisíodh Cathal Ó hEochaidh agus aire eile ó bheith ag tabhairt airm don tIRA, agus díbríodh iad ón gcaibinéid. Fuair an triail amach nach raibh baint acu le airm soláthar agus d'éirigh leis an Eochaigh a bheith ina Thaoiseach níos déanaí. Sna nóchaidí, bhí cúpla scannal faoi thabhairt conradh pleanála. Mar thoradh, chuaigh daoine chuig priosún agus chuir an rialtas a lán binse fiosrúcháin ar bhun.
I mí Meitheamh 2009 chaill Fianna Fáil a lán suíocháin sna toghcháin áitiúla, agus anois tá níos mó suíocháin ag Fine Gael sna húdaráis áitiúla.
[athraigh] Ceannairí
Is é Eamon de Valera an ceannaire a mhair an t-am is faide.
- Eamon de Valera, 1926-1959
- Seán Lemass 1959-1966
- Seán Ó Loingsigh1966-1979
- Cathal Ó hEochaidh 1979-1992
- Ailbhe Mac Raghnaill 1992-1994
- Parthalán Ó hEachthairn 1994-2008
- Brian Ó Comhain 2008-anois
